about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Danby, Francis

click to view fullsize

Francis Danby, (1793-61)

Péintéir tírdhreacha nádúraíocha, idéalacha agus fileata, radharcanna Bíobalta, Staire agus Miotaseolaíocha i stíl an Rómánsachais.

Rugadh Francis Danby i Loch Garman agus feirmeoir beag a bhí ina athair. D’imigh an teaghlach sa bhliain 1798 go Baile Átha Cliath le linn corraíl an Éirí Amach. Fuair a athair bás sa bhliain 1807 nuair a bhí Danby in aois a cheithre bhliana déag. Oileadh san ealaín é ina dhiaidh sin ar scoileanna an Dublin Society. D’éirigh Danby mór le George Petrie (1790-1866) agus le James Arthur O'Connor (1792-1841) nuair a bhí siad go léir ag foghlaim a gceirde agus dhéanaidís turasanna sceitseála le chéile faoin tuath.

Thug an triúr a n-aghaidh ar Londain sa bhliain 1813 ach níor éirigh go ró-mhaith leo ann. D’fhill Petrie ar Éirinn tar éis achair ghairid. Os a choinne sin thug O'Connor agus Danby a n-aghaidh ar Chathair Briostó. Siúl na gcos an modh taistil a bhí acu de cheal airgid. D’fhan Danby sa chathair sin nó bhí sé in ann a shaothair, uiscedhathanna nádúraíocha de radharcanna na háite go mór mór maille le pictiúir bheaga seánra in oladhath a dhíol ann agus d’fhan ann ar feadh deich mbliana. Níor fhill sé ar Éirinn riamh. Ní raibh an t-ádh ar O'Connor ar chor ar bith agus d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath ar ball beag tar éis dó iasacht a fháil chun íoc as an mbád abhaile.

D’éirigh go rímhaith le Danby tar éis tamaill i mBriostó agus thosaigh sé ag seoladh pictiúir in oladhath do thaispeántais i Londain. Ba mhinic na pictiúir seo a bheith i bhformáid mhór agus spreag a n-ollmhéid agus a dtéamaí fileata samhlaíocht an phobail agus péintéirí eile chun aithris a dhéanamh air. Ba ghairid go raibh a ainm i mbéal an phobail agus é ag saothrú airgead mór.

Toghadh é mar fo-bhall den Royal Academy sa bhliain 1825 ar dhroim na bpictiúir An Crann Upas, nó Crann nimhe ar Oileán Java (1820, Músaem Victoria agus Albert, Londain) agus Fuascailt na n-Iosraelíteach (1825). Lean cúrsaí ag dul i bhfeabhas dó agus bronnadh trí sparán airgid air agus chinn sé ar aistriú go Londain. Chuir sé faoi ansin sa bhliain 1824 agus thug cúl le tírdhreacha nádúraíocha ar mhaithe le tírdhreacha fileata faoi thionchar Claude Lorrain (c.1600-1682) maraon le pictiúir agus téamaí staire agus Bíobalta iontu.

Thug Danby cuairt ar an Ioruaidh sa bhliain 1825 agus d’imigh taobh tire sceirdiúil na tíre sin i bhfeidhm go mór air. Tháinig tréimhse corrach ina shaol ansin. Bhí toghchán ann sa bhliain 1829 ar son lánbhallraíochta san Royal Academy agus bhí Danby aon vóta amháin gann agus chaill sé an áit. Bhí deacrachtaí pósta aige agus thóg sé bean luí. Thréig a bhean é ansin agus d’imigh leis an bpeintéir Paul Falconer Poole chuig cathair Briostó. Phós siad tar éis bháis Danby.

Bhí rudaí imithe chun donais chomh mór sin dó gur bhailigh sé leis gan choinne sa bhliain 1830 chuig Cathair Phárais. D’ardaigh sé a sheachtar clainne agus a mháistréas leis. D’aistrigh sé arís chuig Rapperswill ar Loch Zurich san Eilbhéis tar éis tamaill. Agus iad beo bocht d’aistrigh siad arís chuig Cathair Geneva áit a bhfuair Danby sparán as ucht a phictiúir Baisteadh Críost (Musée d'Art et d'Histoire, Geneva).

D’fhan Danby in Geneva ón mbliain 1831 go dtí an bhliain 1836. D’fhill sé ansin ar a gcineál saothair a rinne sé roimhe sin i mBriostó agus a sheas sin dó arís. D’fhill sé ar Pháras ansin agus rinne cóipeanna de na seanmháistrí.

D’fhill sé ar Londain sa bhliain 1838 agus fuair amach go raibh cáil air fós mar phéintéir. Bhí aghaidh an phobail air leis an bpictiúr Díle (1837-40, Tate, Londain) Chaill Danby aghaidh an phobail de réir a chéile le himeacht na mblianta cé go raibh na criticeoirí fós ceanúil air. D’aistrigh Danby arís go Exmouth in Devon an babhta seo sa bhliain 1847. Bhí sé tógtha ansin le bheith ag tógáil bád cé gur lean sé de bheith ag péinteáil chomh maith. Bhíodh fiacha agus easpa onóracha ón acadamh ag luí go trom air go deireadh a shaoil. Péintéirí a bhí i mbeirt dá chlann mhac; James Francis Danby (1816-75) agus Thomas Danby (1817-86).

An Pictiúr: Radharc ar an Abha Avon (1822, Gailearaí Náisiúnta)

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint