about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Danse Macabre

click to view fullsize

Téarma Fraincise é Danse Macabrea chiallaíonn ‘rince an bháis’ agus arb ionann é agus Totentanz na Gearmáinise.

Is téama é a thagann ó bhéaloideas Thuaisceart na hEorpa. Chreidtí go n-éireodh na mairbh ag meán-oíche as a n-uaigheanna agus go ndéanaidís rince ansin. Dá mbuaileadh duine beo leo bhuailfidís bleid orthu.

I leagan amháin den scéal deir na mairbh leis na beo ‘an caoi a bhfuil sibh anois, bhíomar mar sin tráth, an caoi a bhfuilimid anois beidh sibhse amach anseo!’

Bhí ráchairt i gclónna ealaíne, adhmadghearrthaí go mór mór agus i meáin eile ar an téama áirithe seo. Cé gur bhain sé níos mó leis na tíortha Gearmáineacha tagann an sampla is luaithe ó chlabhstra reilige i bPáras na Fraince agus baineann sé le 1424-5.

Nuair a tháinig an chlódóireacht rinne na clólanna a gcuid féin den téama seo. Tagann na clónna ealaíne is táscmhaire ar an téama seo ó Hans Holbein. Foisíodh Totentanz, leabhar d’adhmadghearrthaí Holbein ar an téama sa bhliain 1538 i Lyon.

An Pictiúr: Hans Holbein, adhmadghearradh, an Bhean Rialta

Catagóir: Stair Ghinearálta na nEalaíon

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint