about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Dath

click to view fullsize

An mothú nó céadfa a chruthaítear ar an súil ag gathanna solais. Aithnítear san eolaíocht seacht bpríomhghathanna ann a dhéanann an speictream iomlán. Bíonn siad le feiceáil sa bhogha síne.

Ar na príomhghathanna sin tá na trí dhathanna boinn, dearg, gorm agus buí as a ndéantar na dathanna eile. Ní áirítear dubh agus bán mar dhathanna. Is ionann bán agus na dathanna ar fad in éineacht agus is ionann dubh agus éadath.

Ní hamháin go mbíonn na luachanna a thugtar ar dhathanna áirithe soch-riochtaithe ach go mbíonn líon na ndathanna féin a aithnítear soch-riochtaithe chomh maith. Áirítear cáilíochtaí siombalacha agus spioradálta a bheith ag dathanna agus bhí a lán gluaiseachtaí bunaithe air seo, ar nós an Marcach Gorm .i.Die Blaue Reiter a chuir cáilíochtaí áirithe i leith an dath gorm.

Tá rangú comhghnásacha trí chomhaontú idirnáisiúnta déanta ar dhathanna áirithe ar son fógraí go mór mór. Ní fhágann sin áfach nach bhfuil luachanna eile leo i gcultúir éagsúla:

dearg: contúirt

gorm: tugtar faoi deara

buí: aire chugaibh

oráiste: rabhadh

glas: sábháltacht

An Pictiúr: Roth Datha

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint