about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Davis, William

click to view fullsize



William Davis, (1812-73)

Péintéir portráidí agus tírdhreacha a rugadh i mBaile Átha Cliath ach a shamhlaítear le Learpholl Shasana agus le ciorcal Bhráithreachas na Réamh-Rafaeilíteach a thug taitneamh dá shaothar de bharr a easpa aon chur i gcéill.

Oileadh i scoileanna an Dublin Society é agus portráidí is mó a chleacht sé i dtús a ghníomhréime. Chroch sé iad i dtaispeántais an Royal Hibernian Academy idir na blianta 1833 agus 1835. Níor éirigh go ró-iontach leis.

Níl sé ar eolas go barainneach cathain a d’imigh sé anonn go Sasana agus tá a fhios go raibh sé ag obair thall i Sheffield sa bhliain 1837. Neamhbheonna agus pictiúir seánra is mó chleacht sé i Sasana ag an tráth seo. Thug sé aghaidh ar Learpholl sa bhliain 1842 agus is ann a chaith sé bunús a shaoil oibre feasta.

Bhí cultúr na n-ealaíon ag borradh sa chathair agus acadamh dá cuid féin aici, an Liverpool Academy. D’fhreastail William ar ranganna san acadamh idir na blianta 1846 agus 1849 agus ghlac sé páirt sna taispeántais bliantúla dá chuid ar feadh a shaoil uile. Bhí pictiúir dá chuid ar crochadh i dtaispeántas an Royal Academy i Londain sa bhliain 1851 den chéad uair, nós a lean sé go deireadh a shaoil chomh maith.

D’iompaigh sé ar thírdhreacha a phéinteáil timpeall na bliana 1853. Síltear go ndeachaidh a phátrúin i Learpholl agus a chara an péintéir tírdhreacha Robert Tonge (1823-56) i bhfeidhm air é seo a dhéanamh.

Bhí William in Éirinn sa bhliain 1853 ar cuairt i dteannta Robert Tonge. Thug sé cuairteanna eile ó am go chéile agus ar Albain chomh maith. Phéinteáil sé roinnt tírdhreacha thart ar cheantar Léim an Bhradáin maille le háiteanna eile. Rud eile a tharla dó sa bhliain chéanna 1853 ba ea gur toghadh ina bhall den Liverpool Academy é. Ceapadh ina Ollamh le Líníocht san acadamh é sa bhliain 1856 agus d’fheidhmigh sé sa phost sin go dtí an bhliain 1859.

Bhí William mór le ciorcal péintéirí a bhí báúil le haeistéitic Bhráithreachas na Réamh-Rafaeilíteach. Bhí saothair phéintéirí an Bhráithreachais druidte amach ó thaispeántais an Royal Academy i Londain ach bhí siad in ann a saothar a thaispeáint san Liverpool Academy. Bhí meas mór ag péintéirí sa chiorcal sin ar nós Dante Gabriel Rossetti (1828-82) ball den Bhráithreachas agus Ford Madox Brown (1821-93) a bhí dlúth dó ar shaothar William.

Nuair a scoireadh an Bráithreachas de dheasca lucht an Royal Academy i Londain ag diúltú deiseanna taispeántais dóibh fós rinneadh iarracht cumann taispeántais nua a bhunú sa bhliain 1858 as ciorcal an Bhráithreachais. Tugadh an Hogarth Club ar an gcumann nua. Iarradh ar William teacht isteach mar bhall ann. Cé go ndearnadh iarracht struchtúr proifisúnta a chur ar an ngrúpa nua níor mhair sé ach go dtí an bhliain 1861.

D’aistrigh William go Londain sa bhliain 1870 agus fuair sé bás thall ansin.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint