about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

De Diversis Artibus

click to view fullsize

Tráchtas de chuid na meánaoiseanna a scríobhadh síltear am éigin thart ar 1125 A.D. Scríobh an t-údar faoin ainm cleite Theophilus Sagart. Ciallaíonn de diversis artibus faoi na healaíona éagsúla.

Is é an foinse is tábhachtaí anois é an tráchtas ar theicníochtaí ealaíne na meánaoiseanna cé nach raibh eolas forleathan ar an tráchtas féin go dtí an ochtú céad déag. Níor tháinig fiorainm an tráchtais anuas agus tugtar Schedula diversarum artium air chomh maith.

Tá an tráchtas roinnte ina thrí chuid an chéad cheann acu a phléann le ceard na péintéireachta, líocha a chumasc agus gléasanna líníochta a dhéanamh. Táirgeadh gloine dhaite agus péintéireacht ghloine is téama don dara leabhar. Pléitear le gach cineál gaibhneoireachta, miotalóireacht ealaíne agus teilgean cré-umha sa tríú leabhar.

Chuir G. E. Lessing an scríbhneoir Gearmánach eagar ar an téacs sa bhliain 1781. Níl eolas cinnte ar údar an tráchtais agus síltear ó eolas inmheánach gur mhanach Beinedicteach a bhí ina cheardaí miotalóireachta ó cheantar an Maasland a bhí ann. Tuairimítear gurb ionann é agus Roger ó Helmarshausen, gabha óir a bhí ina mhanach in Helmarshausen gar do Kassel a rinne altóir so-ghluaiste sa bhliain 1100 A.D. atá ar marthain fós in Ardeaglais Paderborn.

Catagóir: Stair Ghinearálta na nEalaíon

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint