about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

De Stijl

click to view fullsize

An Stíl, iris a bhunaigh Piet Mondriaan (1872-1944) agus Theo van Doesburg (1883-1931) sa bhliain 1917 chun fealsúnacht agus aeistéitic an Nua-Phlaisteachais a chraobhscaoiledh. Lean an iris leis go dtí 1928.

Thosaigh dearthóirí agus ailtirí ag teacht faoi thionchar na healaíne teibí agus an meaisínaeistéitic tar éis an Chéad Chogadh Domhanda. Tháinig buíon faoi leith acu le chéile san ísiltír agus thóg anonn tuairimí De Stijl. Orthu siúd bhí Bart van der Leck (1876-1958), Vilmos Huszar (1884-1960), an dealbhóir George Vantongerloo (1886-1965) agus na hailtirí J.J.P. Oud (1890-1963), Gerrit Rietveld (1888-1964), Jan Wils (1891-1972) agus Robert van't Hoff (1887-1979). Tháinig a lán ailtirí eile anonn chucu ar ball.

Tháinig na péintéirí César Domela (1900-92) agus Friedrich Vordemberge-Gildewart (1899-1962) chomh maith.

Chleacht an bhuíon cur chuige fealsúnach ar an ndearadh, fealsúnacht a bhí bunaithe ar an bhFeidhmiúlachas agus ar dhronnuilleogacht. Bhí siad faoi thionchar tógálachas na Rúise, saothar an ailtire Meiriceánach Frank Lloyd Wright (1867-1959) agus an matamaiticeoir agus fealsamh Olllaineach M.H.J. Schoenmaekers (1875-1944).

D’fhoilsigh Schoenmaekers An Samhail Nua den Domhain sa bhliain 1915 agus Prionsabail na Matamaitice Plaistí sa bhliain 1916. Thug sé le fios sna foilseacháin go raibh an réaltacht comhdéanta de dhá fórsa dearscnaitheacha ag oibriú in aghaidh a chéile i.e. fórsa ceartingearach agus fórsa cothrománach. Iad sin agus dathanna boinn comhchodanna na réaltachta. Díorthaíodh teanga fhoirméalta de Stijl ón teoiric seo.

Thug siad cúl le maisiúcháin de gach chineál seachas dath. Ní raibh ceadaithe dóibh ach dathanna boinn áfach maille le dubh agus bán. Ní bhfuair siad an deis a lán dá smaointe a chur i gcrích ach bhí tábhacht thar na bearta leis na smaointe céanna a d’imigh go mór i bhfeidhm ar lucht an Bauhaus nuair a thug Van Doesburg cuairt air sa bhliain 1923. D’imigh Mondriaan ar imirce do Nua Eabhrach sa bhliain 1940 agus leath tionchar na buíne i SAM.

Bhuail an t-ealaíontóir ó Loch Garman Eileen Grey (1879-1976) le De Stijl sa bhliain 1922 i bPáras agus tháinig faoina thionchar. Dhear sí troscán feidhmeach i dteanga De Stijl ina raibh an bhéim ar línte ingearacha agus cothrománacha. Bhí cáil an tulgharda, avant-garde uirthi lena linn agus is iontach cé chomh cothrom le dáta agus atá na dearaí a rinne sí, a cathaoir uilinn transat go mór mór. D’imir De Stijl tionchar ar a lán a tháinig ina dhiaidh an Bauhaus agus Art Déco go mór mór.

An Pictiúr: Clúdach de chuid na h-irise De Stijl

Catagóir: Gluaiseachtaí agus Fealsúnachtaí Ealaíne sa Nua-aois

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint