about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Dearg

click to view fullsize

Maíonn néareolaithe go bhfuil sé níos fusa don inchinn an dath dearg a fheiceáil agus a thabhairt faoi deara ná na dathanna eile.

Is é dath na fola é agus dá bhrí sin cleamhnaíodh ó thús an chine daonna é leis an mbeatha. Bhí nós in áiteanna éagsúla sa tréimhse neoiliotach agus méasaliotach ócar dearg a smearadh ar chnámharlaigh chun a mbeatha shíoraí a ráthú.

Rinne síceolaithe iarrachtaí an brí nádúrtha a bhíonn i ndathanna a aimsiú, ar mhaithe leis an bhfógraíocht go mór mór. Maítear go samhlaítear dearg le beatha, práinn, teas, grá, agus fuil.

Samhlaítear le neart é chomh maith agus tá sé de nós ag déantóirí carr dath dearg a spréáil ar innill ionas go samhloídh daoine go bhfuil siad níos cumhachtaí.

De bharr na súáilcí seo baineadh feidhm as dearg mar ortha cosanta ar dhéantáin de gach cineál. Samhlaítear dearg leis an Spiorad Naomh san Ealaín Chríostaí. Dath an lúcháir a bhíonn ann i gcultúr na Síne. Samhlaítear leis an gcogadh ‘cogadh dearg’ é chomh maith.

An Pictiúr: Cearnóg Dhearg

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint