about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Decorum

click to view fullsize

Tuairim taobh istigh den ealaín nó tuairim faoi chineál na healaíne a tháinig chun cinn ar bhealach foirmeálta sa seachtú céad déag. Thóg na hacadaimh an tuairim anonn ach faoi lár an naoú céad déag bhí sé ag dul i léig agus chaith an tImpriseanachas i dtraipisí é.

Chuir an teoiric seo an t-iallach ar shaothar ealaíne láimhseáil cuí ó thaobh na stíle agus modh léirithe de a dhéanamh de réir an téama.

Bhí ar ealaíontóir téama tábhachtach a léiriú ar bhealach tromchúiseach. Ní hamháin sin ach níorbh fhéidir mórshaothar a dhéanamh gan mórthéama a bheith aige.

Lean tábhacht na dtéamaí an córas sóisialta. Bhí rí níos tábhachtaí ná tuathánach dá bhrí sin bhí portráid de rí níos mó mar shaothar ealaíne ná portráid de tuathánach cuma cén scil a chuir an t-ealaíontóir ann. Níos mó ná sin bhí iachall ar ealaíontóirí de réir Decorum, naoimh a léiriú ar bhealach tipiciúil naofa, ríthe a léiriú ar bhealach tipiciúil ríoga ina staidiúir agus ina n-éadaigh, laocha a léiriú ar bhealach tipiciúil laochúil agus ar uile.

Tugann an cur chuige seo le fios don bhreathnóir nua-aoiseach go bhfuil sé ag breathnú ar aisteoirí trid is tríd ag glacadh staidiúir sa phictiúr. Tháinig céimse na seánraí amach as an teoiric seo.

Baintear feidhm as an téama Decoro an leagan Iodálaise de in ionad na Laidine chomh maith.

Catagóir: Stair Ghinearálta na nEalaíon

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint