about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Deighilteachas

click to view fullsize

Teicníocht péintéireachta ina gcuirtear síos dathanna boinn mar phoncanna beaga le hais a chéile ar an gcanbhás.

Déanann an tsúil cumasc optúil ar na dathanna boinn chun dathanna tánaisteacha a dhéanamh. Bíonn dathanna a dhéantar mar sin níos gléiní mar éiríonn na dathanna a thagann as meascadh líocha níos modartha an t-am ar fad. B’in an teoiric datha a d’fhorbair Georges Seurat (1859-91) agus daoine eile. (Ní mór seasamh os comhair eiseamláir de chun é a thabhairt faoi deara mar ní cheaptar an éifeacht i ngrianghrafanna.)

Tugtar Pointillisme, ar an stíl chomh maith ó na poncanna datha a thréithríonn an teicníocht seo. Is é an criticeoir Felix Fénéon a ghlaoigh peinture au point air sa bhliain 1886. Bhí sé ag tagairt don phictiúr La Grande Jatte le Seurat.

Teicníocht dhuaisiúil is ea an deighilteachais, thóg sé dhá bhliain ar Seurat a shaothar mór a dhéanamh mar shampla. Tugtar Nua-Impriseanachas ar an stíl chomh maith.

Tagraíonn an téarma deighilteachas chomh maith do ghluaiseacht Iodálach I Macchiaioli de chuid dheireannach an naoú céad déag agus tús an fichiú céad a bhain feidhm as an modh céanna péintéireachta. Chomh maith le Georges Seurat, chleacht Camille Pissaro (1830-1903), Paul Signac (1863-1935), Theo Van Rysselberghe (1862-1926) agus Henry Edmond Cross (1856-1910) an Deighilteachas.

An Pictiúr: Mionshonra de phictiúr Deighilteach ag léiriú an teicníocht

Catagóir: Gluaiseachtaí agus Fealsúnachtaí Ealaíne sa Nua-aois

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint