about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Deisceart, Scoil

click to view fullsize



Scoil an Deiscirt

Nanzhonghua, Scoil an Deiscirt, ceann den dá scoil phéintéireachta a measadh go traidisiúnta a bheith ann i dtraidisiún péintéireachta na Síne. Bhain an scoil a buaic amach le linn tréimhse na gCúig Rítheaghlach (907-960 A.D.). Is é Beizonghua, Scoil an Tuaiscirt ainm na scoile eile.

Péintéirí scolártha agus amaitéirigh uaisle is mó a bhí bainteach le Scoil an Deiscirt de réir an tuiscint traidisiúnta. Chleachtaidís pomo, teicníocht an dúch briste i bpictiúir monacrómacha go mór mór.

Rianaítear bunús na scoile siar go Wang Wei (699-759 A.D.) a mhair i dtréimhse an rítheaghlaigh T’ang (618-906 A.D.). Measadh go raibh Scoil an Deiscirt níos fearr ná an scoil eile toisc gur léirigh sí tuiscint agus machnamh an duine chultúrtha ar an dlí mórálta faoi mar a bhí sé á chur in iúl sa dúlra. Tuiscint a bhí á chur in iúl i dtírdhreacha.

Tá na héagsúlachtaí idir an dá scoil níos caolchúisí ná sin i dairíre agus chleacht Scoil an Tuaiscirt tírdhreacha chomh maith. Is iad tírdhreacha Dong Yong (c. 900-c. 962 A.D.) a mhair le linn tréimhse na gCúig Rítheaghlach (907-960 A.D.), na heiseamláirí is fearr de shaothar phéintéirí Scoil an Deiscirt. Radharcanna shléibhtiúla agus uisciúla i gceantar abhanntrach an Yangtze a rinne seisean. Phéinteáil sé na tírdhreacha seo sa stíl shan shui. Uisce shléibhe is brí leis an téarma agus tréithríonn leachtdhathanna i nglas agus i ngorm agus buillí scuaibe fada fliucha an stíl. Lean a dhalta Ju Ran (gníomhach 960-980 A.D.) a chonair agus maireann a shaothar faoi mheas fós.

Tá saothair Dong Yuan (gníomhach 950 A.D.), Huang Gongwang (1269-1354 A.D.), Ni Zan (1301-74 A.D.), Wu Zhen (1280-1354 A.D.), Wang Meng (1308-85 A.D.), Shen Zhou(1427-1509 A.D.) agus Wen Zhengming (1470-1559 A.D.) faoi mórmheas mar mhór-eiseamláirí de stíl na scoile.

Catagóir: Ealaíona na Síne

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint