about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Descensus ad inferos

click to view fullsize

Íocón nó samhail naofa san íocónagrafaíocht Chríostaí a léiríonn Íosa ‘a chuaigh síos go hifreann’ tar éis bháis dó mar a thugann Cré na nAspal le fios chun páistí neamhbhaiste agus naoimh an Sean-Tiomna a shaoradh.

Léirítear Críost sa samhail ina sheasamh ar gheataí briste Ifrinn ag tarrtháil Ádhamh agus Éabha in íocóin an Oirthir agus tugtar Kathodos eis hadu air. Is minic a léiríonn pictíuir den téama céanna san Oirthear Críost ag scaoileadh na bpatriarc as Liombó.

An Pictiúr: Descensus ad inferos, Duccio di Buoninsegna. (c. 1255-1319).

Catagóir: Íocónaghrafaíocht agus Ealaín Chríostaí

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint