about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Desco da parto

click to view fullsize

Mias bhreithe. Tagraíonn sé don mhias nó tráidire ardmhaisithe maraon le sóláistí agus féiríní beaga a thugtaí do mhná uaisle san Iodáil in aimsear an Quattrocentro (Renaissance) mar chomhartha threaslaithe ar bhreith a linbh.

Tráidire adhmaid a bhí ann agus de ghnáth bhíodh an taobh tosaigh de maisithe le radharcanna ón miotaseolaíocht, téamaí clasaiceacha nó liteartha no téamaí seánra agus bhíodh armas an teaghlaigh ar an taobh cúil chomh maith.

Baineadh feidhm as an tráidire nuair a bheadh sé cludaithe le brat speisialta chun freastal ar an mbean nuair a bhí sí ag iompar agus chrochtaí ina dhiaidh sin ar an mballa é mar chuimhneachán tar éis na breithe. Thóg babhlaí maisealaca nó faensa ionad an desco da parto ar ball. Bhaintí feidhm as babhlaí stáin agus airgid chomh maith.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint