about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Dillon, Gerard

click to view fullsize



Gerard Dillon (1916-71)

Péintéir féinoilte tírdhreacha agus pictiúir fíorthaíocha agus rinne an chuid is mó dá shaothar in oladhathanna. Rugadh Francis Gerard Dillon i mBéal Feirste. Péintéir agus maisitheoir tithe a bhí ann ar feadh tamall de bhlianta cé go raibh spéis aige sna healaíne ó bhí sé ina stócach.

D’fhreastail sé ar feadh tréimhse gairid ar an Belfast College of Art ach d'éirigh sé astu nó bhí níos mó muiníne as a léargas féin. Bhí níos lú ranganna aige ná mar atá méara ar láimh. D'imigh sé anonn go Londain sa bhliain 1934 agus chleacht sé cineálacha oibre éagsúla chun leanúint ar aghaidh lena chuid phéintéireachta. D'fhill sé ar Bhéal Feirste ar ball.

Rinne sé turas rothaíochta in éineacht leis an bpéintéir George Campbell (1917-79) cara dá chuid ó Bhéal Feirste thart ar Chonamara sa bhliain 1939 a bhí cinniúnach dó. Chuaigh tírdhreacha, saol agus muintir chomh mór i bhfeidhm ar a shamhlaíocht go raibh tagairtí dóibh líonmhar in a shaothar feasta. Thug an bheirt turasanna eile ar Chonamara i dteannta a chéile. Bhí sé faoi anáil phictiúir Sheán Keating (1889-1977) agus Marc Chagall (1887-1985) chomh maith.

Tréithríonn tírdhreacha i stíl phrimitíbheach a chéad iarrachtaí agus tréithríonn mionshonraí ó shaol Chonamara a shaothar ar fad. D’fhág sé Béal Feirste de dheasca an chogaidh agus d’imigh chun cónaithe agus chun oibre i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1941.

Bhí a chéad taispeántas aonair aige sa bhliain 1942. Reáchtáileadh é i siopa ar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath trí dhea-oifigí Mainie Jellett (1897-1944) a rinne an oscailt oifigiúil dó chomh maith. D'éirigh go maith leis as. Cara dlúth dá chuid a bhí i Mainie Jellett agus dhéanadh sí péinteáil ina cuideachta.

Is i gcuideachta Daniel O'Neill a thaispeáin sé a shaothar sa bhliain 1942 sa Contemporary Picture Galleries, Baile Átha Cliath. Reáchtáil Conradh na Gaeilge taispeántas i mBéal Feirste sa bhliain 1943 agus bhí pictiúir ó láimh Gerard mar chuid de. Ba sa bhliain 1943 a thaispeáin George a shaothar leis an Royal Hibernian Academy den chéad uair agus bhí baint aige leis go dtí an bhliain 1971.

Bhí sé mór leis na péintéirí Colin Middleton (1910-83), George Campbell agus Daniel O'Neill (1920-74) agus d'fheidmigh siad mar ghrúpa geall leis cé nach raibh aon aontas stílíochta eatarthu. Thaispeáin sé leis an Irish Exhibition of Living Art sa bhliain 1943 agus shuigh ar choiste an ghrúpa ar feadh fiche bliain. Bhí baint aige leis na Dublin Painters chomh maith. Bhí a shaothar i dtaispeántas beirte in éineacht saothar George Campbell i mBéal Feirste sa bhliain 1944. D'fhill Gerard ar Londain sa bhliain 1945. Bhí a shaothar i dtaispeántas in éineacht le saothar George Campbell agus Daniel O’Neill sa bhliain 1948.

Chuaigh Gerard chun cónaí i gCoinleic tar éis cúpla bliain. Sráidbhaile gar do Bheannchar i gContae an Dúin atá i gCoinleic. Bhí ainm coilíneacht ealaíne air i dtús na 1950-idí agus tháinig George Campbell (1917-79) agus Daniel O'Neill (1920-74) chun cónaí ann ann chomh maith. Thriall Gerard tionchair éagsúla ina ghníomhréim agus tréithríonn radharcanna brionglóideacha le hairlicíní a thréimhse deireannach agus tagairtí do thrioblóidí an Tuaiscirt.

D’éirigh leis cáil a bhaint amach dá shaothar sa tír agus thar lear. Taispeánadh a shaothar mar ealaíontóir de chuid na Breataine i Pittsburgh SAM sa bhliain 1958. Bhí a shaothar mar chuid de thaispeántasi bPáras sa bhliain 1960 chomh maith agus thaistil sé chuige sin. Thaistil sé chuig SAM sa bhliain 1963. Bhí meas air agus iarradh air roinnt léachtanna a thabhairt sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus sa Hugh Lane sa bhliain 1969. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath ach tá sé curtha i mBéal Feirste.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint