about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Disegno

click to view fullsize

Téarma a bhaineann le teoiricí ealaíne an Quattrocentro (Renaissance). Is téarma Iodáilise é a chiallaigh gréas go bunúsach ach ó thús an chúigiú céad déag a chiallaigh foinse spioradálta na smaointe ealaíne agus na ngréasanna, iad siúd a rinneadh sna chéad líníochtaí nó dearaidh do phictiúr nó do dhealbh go mór mór.

Is i scríbhinní Giorgio Vasari (1511-74), ailtire agus péintéir agus an dealbhóir Vincenzo Danti (1530-76) is fearr a rinneadh taiscéaladh teoiriciúil ar an gcoincheap. Líníocht agus pleanáil an brí a thug siad air.

Rinne Vasari cur síos ar tre arti del disegno, trí ealaíona an disegno, ailtireacht, péintéireacht agus dealbhóireacht. Bhí an bheirt, Vasari agus Danti gníomhach i mbunú an accademia del disegno, an chéad acadamh ealaíne foirmeáilte riamh a bunaíodh i flórans na hIodáile sa bhliain 1563. Chiallaigh disegno go hachomair mar cháilíocht i gcleachtadh na n-ealaíon béim a chur ar líníocht agus ar shoiléire.

Cuireadh disegno os comhair colore mar chur chuige ar na healaíona. Samlaíodh disegno le Scoil na Róimhe ar ball agus colore le Scoil na Veinéise.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint