about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Disputa

click to view fullsize

Díospóireacht, samhail Críostaí ina mbíonn naomh nó pápa nó pearsa eile i ndíospóireacht le hÍosa nó le Muire mar gheall ar theagasc éigin de chuid na hEaglaise. An Eocaraist agus an Tríonóid Naofa na téamaí is mó ráchairte.

Is é an Disputa ar an Eocaraist, freascó ó láimh Raphael .i. Raffaello Sanzio (1483-1520) sna blianta 1510-11 atá sna Stanze della Segnatura sa Vatacáin an sampla is fearr aithne díobh ar fad.

An Pictiúr: an Disputa ar an Eocaraist, 1510-11 A.D. an Vatacáin.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint