about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Documenta

click to view fullsize

Ceann de na taispeántais ollmhóra d’ealaín chomhaimseartha idirnáisiúnta ar nós an Biennale di Venezia. Reáchtáiltear é gach ceathrú nó cúigiú bhliain anois san ealaínchumann ag Kassel sa Ghearmáin.

Bhunaigh an péintéir agus ollamh san Kasseler Kunstakademie Arnold Bode an chéad cheann acu sa bhliain 1955 cé gur roghnaigh an staraí ealaíne Werner Haftmann na saothair don chéad taispeántas. D’éirigh leis an gcéad taisipeántas seo i bhfad níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis agus cinneadh leanúint leis dá bharr.

Bunaíodh foras i Kassel sa bhliain 1961 ó smaoineamh arís eile de chuid Bode, an Cartlann Documenta, cartlann d’eolas ar shaothar agus beathaí 50,000 ealaíontóiri idirnáisiúnta. Tá leabhar, irisí, taifid leictreonacha sa chartlann a bhíonn oscailte don phobal.

Bronntar an Duais Arnold Bode ó 1980 i leith mar chuid den taispeántas Documenta ar ealaíontóir a dtarraingíonn a shaothar sa taispeántas aird na moltóirí.

Catagóir: Ealaíona agus Fealsúnachtaí Ealaíne sa Nua-aois

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint