about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Dogon

click to view fullsize

Cine atá sa Dogon de chuid Iarthar na hAfraice agus tá siad ag cur fúthu timpeall na hAilltreacha Bandiagara ar chorradh mór na habhann Niger i Mali agus in Burkina Faso na hAfraice. Maireann a lán acu i dtithe a gearradh amach as na h-ailltreacha féin. Tá cáil ar leith orthu de bharr a saothair dealbhóireachta.

Is ceann de na traidisiúin ealaíne is mó a bhíonn faoi mheas san ealaín afracach í traidisiún ealaíne na nDogon. Bíonn meas ar leith ar a mascanna agus ar a ndeilbhíní. Bíonn ráchairt ar dhathanna orthu, dubh, bán agus dearg go mór mór. Ó thaobh na bpátrún de tá siad tugtha do bhíseanna agus gréasa páircíneacha.

Áitreabh do na spioraid a bhíonn san ochtó cineál mascanna a dhéanann siad agus caitear i dtraipisí iad tar éis na deasghnátha. Cuirtear dealbha de na sinsear ar altóirí speisialta. Bogadhmaid a rogha ábhair agus cleachtann siad foirmeacha stílithe. Snoíonn siad ardrilífeanna de shinsir agus d’earcanna ar dhoirse na dtithe stórais a bhíonn acu. Cleachtann siad cur chuige Ciúbacha beagnach.

Bíonn fíoracha aonair, beirt ina shuí, fíortha ar a nglúine ar dhroim capall nó ag iompar páistí mar théama sna dealbha.

An Pictiúr: Doras snaoite de chuid na nDogon

Catagóir: Ealaín Afracach

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint