about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Dragan

click to view fullsize

Ainmhí fabhalscéalach a léirítear mar reiptíl a mbíonn sciatháin agus crága móra aige agus anáil thintrí. Bhíonn feidhm siombalach leis. Is samhailchomhartha é i gcuid de thraidisiúin an Mheán-Oirthir ar an léirscrios agus don olc a bhí ann i dtosach agus nach mór a chloí chun cruinne dea-ordaithe a chruthú. Seasann sé fós don bhás agus don olc i litríocht choisricthe na nGiúdach agus fuair an Chríostaíocht an brí seo mar uacht.

Seasann an dragan don pheaca sa traidisiún Criostaí agus bíonn áit thábhachtach aige sa litríocht Apacailipteach, leabhar Apacailipsis Eoin sa Bhíobla go háirithe maraon le scéalta cráifeacha ar bheathaí na naomh. San ealaín is minic a léirítear naoimh agus mairtírigh ag brú cheann an dragain faoina gcosa. Bhí ráchairt ar shamhail Mhícheál Ardaingeal ag marú an dragan agus ar Naoimh Seoirse ag troid le dragan chomh maith. Tháinig scéal Naoimh Sheoirse isteach go hÉirinn ó Chríostaíocht an Oirthir agus scaip na Gaeil a chultas ina saothar misinéireachta. Ar an dóigh seo scaip siad i Sasana é a rinne a gcuid féin de ionas go ndearnadh naomhphátrún Shasana de.

Tá traidisiúin eile ann mar gheall ar an ndragan. Shíl na Gréagaigh agus na Rómhánaigh go raibh sé de chumhacht ag an ndragan rúin an domhain a nochtadh do dhaoine agus glacadh leis mar shamhail míleata. Chuir na Rómhánaigh samhail den dragan ar a suaitheantais míleata sa dara céad A.D. agus shnóigh na Lochlannaigh samhla den dragan ar ghoib a longa cogaidh.

Ghlac na Breathnaigh leis an ndragan mar shuaitheantas náisiúnta. Bhí an dragan mar shuaitheantas náisiúnta ag Impireacht na Síne chomh maith. Samhail den dea-áidh a bhíonn sa dragan i sibhialtachtaí an Oirthir agus léirítear go minic é. Dála an scéil de réir Giraldus Cambrensis agus é ag scríobh i 1187 ina Topographica Hibernica i measc na rudaí nach raibh in Éirinn ag an am bhí nathracha nimhe, tortóis, froganna ná dragain!

Pictiúr : Bratach na Breataine Bige.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint