about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Dublin Goldsmiths Company

click to view fullsize

Dublin Goldsmiths’ Company Bunaíodh an Dublin Goldsmiths’ Company díreach ag an am a bhí an cheardaíocht dhúchasach Ghaelach á dhíothú. Bhí ceardaithe a tháinig thar tír isteach ón Ísiltír mar bhonn leis ag an tús.

Thug Séarlas I cairt ríoga dó sa bhliain 1637 ag tabhairt déantús gréithe airgid faoina chúram agus tá siad fós sa tsiúil faoin gcairt chéanna. Chuir an chairt iachall ar an ngabha geal feidhm a bhaint as airgead sterling i.e airgead ina mbíonn 925 páirteanna as gach míle ina airgead íon.

Neartaíodh an chomhlucht arís tar éis 1685 le ceardaithe ar theifigh Úgóineacha iad ón bhFrainc. Thug na ceardaithe Úgóineacha hanlaí i ndéanamh cruite ar ghréithe leo ón bhFrainc agus bíonn meas gné dearsnaitheach Éireannach orthu anois. Chruthaigh na ceardaithe eachtrannacha agus a dhaltaí ón gcoilíneacht Sasanach saothair d’ardchaighdeán i stíleanna a tháinig leo ón Mhór-Roinn. Ag deireadh an seachtú céad déag bhí an chinsealacht éirithe an-saibhir as creachadh na nGael agus bhí meisiúnacht á dhéanamh i mBaile Átha Cliath ar 20,000 unsaí airgid in aghaidh na bliana.

Luaitear Thomas Bolton, David King agus Joseph Walker mar cheardaithe den chaighdeán idirnáisiúnta is airde a bhain leis an tréimhse seo.

Catagóir: Ealaíona in Éirinn

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint