about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Dublin Society

click to view fullsize

Bunaíodh an Dublin Society sa bhliain 1731 agus bhí sé bunaithe ar mhúnla an Royal Society thall i Londain. Bhí sé mar sprioc aige feabhas a chur ar an bhfeirmeoireacht, ar an ndéantúsaíocht agus ar na h-ealaíona feidhmeacha. Tá tábhacht thar na bearta fós ar na forais éagsúla a chuir an Dublin Society ar bun nó is forais náisiúnta iad anois.

Ba iad a bhunaigh an Luibhgháirdín, An t-Ard-Mhúsaem Náisiúnta, an Leabharlann Náisiúnta agus an Coláiste Ealaíne.

Rinneadh an Royal Dublin Society den Dublin Society sa bhliain 1820 nuair a tháinig George IV mar phátrún air tar éis a chorónaithe.

D’ainneoin an raon leathan fiontar a bhí ar bun aige ní dhearna an cumann faillí ar na healaíona sa choilíneacht. Bhí roinnt scéimeanna éagsúla ar bun aige sa bhliain 1740 chun cabhrú le h-ealaíontóirí agus leis na h-ealaíona.

Bhí scoil bheag ealaíne á reáchtáil acu ó na 1740-idí a raibh Robert West (d’éag 1770) i gceannas air. Cuireadh scoileanna eile ar bun sa bhliain 1746 Scoil Líníochta an Fhíor, sa bhliain 1756 an Scoil Tírdhreacha agus an Mhaisithe agus sa bhliain 1764 an Scoil Ailtireachta agus Múnlóireachta. Oileadh an chuid is mó d’ealaíontóirí na Cinsealachta san ochtú céad déag ina scoileanna. Bhí músaem (1793) agus luibhghairdín (1785) á reáchtáil acu agus leabharlann taighde.

Thugadh an cumann tabhartais agus deontaisí flaithiúla agus cheannaídís saothair chun ealaíontóirí a bhrostú ionas go raibh siad ag feidhmiú mar acadamh de facto don choilíneacht Shasanach in Éirinn.

Tá sé spéisiúl a mheabhrú gur bhean, Susanna Drury (c. 1698 - c. 1770) a fuair chéad bhronnadh a rinne an chumainn agus bhí sé ar son tírdhreacha agus staidéir de Chlochán an Aifir i gCo Aontroma. Chaith Drury roinnt míonna sa bhliain 1740 thart ar an gClochán. Rinne sí líníochtaí agus pictiúir i nguais atá anois i Músaem Uladh i mBéal Feirste. Níorbh iad na chéad líníochtaí iad a rinneadh den Chlochán ach bhí siad ar na chéad chinn a léirigh a dreach go cruinn.

Tá bailiúcháin an-luachmhar de shaothair ealaíne ag an gcumann.

Catagóir: Ealaíona in Éirinn

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint