about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Dublin, Society of Dublin Painters

click to view fullsize



Society of Dublin Painters

Cumann taispeántais a bhunaigh na Péintéirí Paul Henry (1876-1959) agus a bhean Grace Henry-Mitchel (1868-1953) nuair a tháinig siad go Baile Átha Cliath tar éis seacht mbliana a chaitheamh ag péinteáil ar Oileán Acla. I measc na mbaill eile bhí Jack B.Yeats (1871-1957), Mary Swanzy (1882-1978), Clare Marsh (1874-1923), Harry Clarke (1889-1931), Mainie Jellett (1897-1944), Charles Lamb (1893-1964) agus Eva Hamilton (1876-1960) agus daoine eile.

Bunaíodh an cumann sa bhliain 1920 agus scoireadh é sa bhliain 1969. Ionad taispeántais a bhunú an sprioc a bhí ag an gcumann ina bhféadfadh ealaíontóirí avant-garde a gcuid saothar a thaispeáint mar síleadh go raibh an Royal Hibernian Academy ró-choiméadach ag an am muna raibh sé frithbheartach.

Fuair an cumann ceardlann agus spás taispeántais ag 7 Faiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath agus bhí gach ball i dteideal taispeántas aonair in aghaidh na bliana a bheith acu. Bhí taispeántais ag Mary Swanzy sna blianta 1920, 1921 agus 1922 mar shampla.

Bhí sé mar airteagal acu go mbeadh leath na ballraíochta ina mná. Ghlac Letitia Hamilton (1878-1964), Harriet Kirkwood, Norah McGuinness (1901-80), Nano Reid (1900-1981), Elizabeth Rivers (1903-1964) gan ach cuid díobh a lua páirt ann.

Bhí saothar le Mainie Jellet agus Evie Hone (1894-1955) i dtaispeántas na bliana 1923 agus bhí siad ar na chéad phéintéirí in Éirinn taobh amuigh de Mary Swanzy chun pictiúir theibí a chur ar crochadh i dtaispeántas ar bith in Éirinn. Níor thuig na léirmheastóirí a saothair ar chor ar bith.

Bhí rith an ráis ag an Society of Dublin Painters go dtí gur bunaíodh irish exhibition of living art sa bhliain 1943. Bhí an bhallraíocht an Dublin Painters teoranta do dheichniúr ag an tús. Athraíodh seo go dáréag sa bhliain 1932, agus ochtar déag sa bhliain 1934.

Catagóir: Ealaíona in Éirinn

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint