about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Duffy, Patrick Vincent

click to view fullsize



Patrick Vincent Duffy, (1832-1909)

Péintéir bisiúil a rinne speisialtacht de thírdhreacha ina ghníomhréim. Tá a fhios ó thaifidí na dtaispeántais éagsúla go ndearna sé beagnach cúig chéad díobh ina shaol. Ní fios cad a tharla do a lán dóibh anois. Seodaire agus gabha geal a bhí ina athair agus bhí siopa aige i Sráid Nassau i mBaile Átha Cliath. Baisteadh leis an ainm Patrick é agus thóg sé an dara ainm Vincent ag a chóineartú. Is cosúil gur thóg sé an t-ainm seo toisc go raibh deabhóid ar leith aige don naomh nó ba bhall dílis é do Chumann Uinsionn de Pól ar feadh a shaoil. Bhain sé feidhm as an dá ainm i gcónaí.

Oileadh Patrick Vincent san ealaín ag scoil an Royal Dublin Society. Ghlac sé páirt i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1851 den chéad uair. Bhí sé ina mhac léinn fós ag an am agus radharc d’Ardeaglais Phádraig i mBaile Átha Cliath a bhí sa phictiúr. Léirigh sé spéis sa dealbhóireacht i dtús a ghníomhréime ach d’iompaigh sé ar phéinteáil thírdhreacha, iad uile gan fíortha iontu beagnach.

Glacadh ina fho-bhall den acadamh é sa bhliain 1860 agus ina bhall níos déanaí sa bhliain chéanna. Bhí sé sáite i gcúrsaí an acadaimh ar feadh a shaoil uile. Níor thaispeáin sé a shaothair ach in áiteanna fánacha taobh amuigh den Royal Hibernian Academy. Bhí tírdhreach amháin aige i dtaispeántas an Royal Academy i Londain aige sa bhliain 1876 agus ghlac sé páirt i dtaispeántas eile i Learpholl.

Ceapadh ina choiméadaí ar an Royal Hibernian Academy é sa bhliain 1870 agus d’fhan sé sa phost sin go dtí an bhliain 1908. Tá cáil ar na héachtaí a rinne nuair a cuireadh cúraimí an chisteora air sa bhliain 1902. Mhéadaigh sé maoin an acadaimh faoi dhó ina thréimhse. Thaistil Patrick Vincent an tír ar fad beagnach ag péinteáil agus is cosúil go ndearna sé turas péintéala i Sasana agus sa Ghearmain chomh maith.

D’ainneoin a bhisiúlachta níl ach aon phictiúr amháin óna láimh sa Ghailearaí Náisiúnta Coimín de chuid Chontae Chill Mhanntáin. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath agus tá sé curtha i Reilig Ghlas Naíon.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint