about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Dun Emer Guild

click to view fullsize

Fiontar a lean ó 1902 go c.1960 agus a ainmníodh i ndiaidh Emer, bean Chúchulainn. Fiontar daonnachtúil náisiúnaíoch a bhí ann a bhí faoi thinfeadh fealsúnacht William Morris agus gluaiseacht na healaíoncheardaíochta.

Evelyn Gleeson (1855-1844) a bhunaigh an fiontar. Bhí sí tar éis filleadh ar ais ar Éirinn ó Shasana ar mhaithe lena sláinte agus bhí sí ag cuartú deis chun fónamh ar son na tíre trí fiontar ceardaíochta a chur ar bun. Fiontar a dhéanfadh ceardaithe ar mhná iad uile a thraenáil, a chruthódh postanna dóibh agus a bhainfeadh feidhm as ábhair dhúchasacha.

Nuair a bhí sí i Londain chuir sí aithne ar W.B. Yeats agus a dheirfiúracha agus bhí sí ina ball de Chonradh na Gaeilge ansin. Fuair sí cúnamh an-mhór in Éirinn ón tús ó Elizabeth agus Lily (Susan Mary) Yeats, deirfiúracha W.B. agus Jack B.Yeats (1871-1957) a raibh spéis mhór acu sna rudaí céanna. Chuir Gleeson a teach féin i nDún Droma i gContae Bhaile Átha Cliath ar fáil don fiontar.

Chruthaigh an fiontar clónna ealaíne lámhdhaite, léaráidí leabhar agus bileoga amhráin ar phreas láimhe an Dun Emer Press. Chruthaigh siad bróidnéireacht, táipéis agus brat urláir chomh maith. Thug na deartháireacha Yeats agus a lán ealaíontóirí eile comhairle agus gréasanna dóíbh.

D’imigh na deirfiúracha Yeats chun cuala industries a bhunú i mBaile an Teampaill sa bhliain 1908. D’aistrigh Evelyn Gleeson sa bhliain 1912 chuig Sráid Hardwicke agus chuig Sráid Fhearchair ina dhiaidh sin agus lean sí agus an cheardlann ar aghaidh ansin.

An Pictiúr: Brat olna urláir de dhéantús an Dún Emer Guild

Catagóir: Ealaíona in Éirinn

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint