about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Dunlop, Ronald Ossory

click to view fullsize



Ronald Ossory Dunlop (1894-1973)

Péintéir bisiúil gach saghas téama, portráidí, tírdhreacha, muirdhreacha, neamhbheonna agus eile in oladhath go mór mór ach chleacht sé uiscedhathanna chomh maith. Tréithríonn impastó tiubh a shaothar i gcoitinne. Bhí sé ina údar ina theannta sin agus scríobh a lán leabhar faoi ghnéithe éagsúla den ealaín agus dírbheathaisnéis Struggling with Paint: Some Reminiscences (Londain, 1956).

Péintéir in uiscedhathanna a bhí in Eleanor Fitzpatrick, a mháthair. Chloígh a athair Daniel Nicol Dunlop, a rugadh i gCill Mhearnóg in Albain, leis an Diasúnachas agus d’fhoilsigh an iris The Irish Theosophist in éineacht leis na scríbhneoirí W. B. Yeats (1865-1939) agus James Stephens (1882-1950) agus an t-ildánach George Russell (1867-1935), nó ‘‘Æ’ mar a bhfearr aithne air.

Rugadh Ronald Ossory Dunlop i mBaile Átha Cliath ach d’aistrigh a theaghlach go Nua Eabhrac sa bhliain 1899 agus arís sa bhliain 1902 nuair a d’imigh siad go Londain. Oileadh Ronald Ossory san ealaín ag an Manchester School of Art, an Wimbledon School of Art agus i bPáras.

Bhí Ronald ar lucht bhunaithe an an Emotionist Group agus bhí ina cheannaire air, grúpa a bhí ann ina raibh idir ealaíontóirí agus scríbhneoirí páirteach. Bhí a chéad taispeántas aonair aige sa Redfern Gallery sa bhliain 1929. Ball den London Group a bhí ann ón mbliain 1934 agus den New English Art Club ón mbliain 1935. Toghadh ina fho-bhall den Royal Academy sa bhliain 1939 agus rinneadh ball de sa bhliain 1950.

Níor bhris sé a cheangal le hÉirinn riamh ach thug turais phéinteála ar an tír agus ghlac páirt i dtaispeántais an Royal Hibernian Academy, sna 1940-idí agus sna 1950-idí go mór mór. Chaith sé tréimhsí fada i gCeanada chomh maith. Taobh amuigh de sin bhí cónaí air in Barnham gar do Chichester i Sasana.

D'ainneoin cáil a bheith air i Sasana níl mórán eolais faoi in Éirinn ach tá samplaí dá shaothar sa Gailearaí Crawford i gCorcaigh.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint