about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Eabhar

click to view fullsize

Ábhar crua bán as a mbíonn starrfhiacail na n-eilifint, na rosualt agus ainmhithe eile comhdhéanta. Tá sé crua buanfasach mar ábhar agus bíonn sé oiriúnach do gach teicníocht snoíodóireachta mar glacann sé na mionsonraí is lú. Baineadh feidhm as eabhar i ndéanamh uirlisí agus gréithe mar bhabhlaí chomh maith.

Is é an Véineas Lespuge saothar den ealaín uaimhe ón bhFrainc an saothair ealaíne eabhair is sine atá ar marthain. Baineann sé le c.50,000 R.Ch. Bhain gach cultúr agus gach sibhialtacht dá raibh ann riamh feidhm as eabhar.

Ba í an snoíodóireacht eabhair an bpríomhchineál dealbhóireachta san ealaín Bhiosántach agus d’fheidhmigh snoiteáin Bhiosántacha eabhair chun a dtionchar cultúrtha a leathadh siar in Iarthar na hEorpa.

Tugtar taitneamh faoi leith d’eabhar snoite na Síne agus na Seapáine. Tugtar ardurraim ar leith do snoiteáin eabhair Beinin agus Ífe ó Iarthar na Nigéire.

Chiallaigh āb eilifint sa Sean-Éigiptis agus thug seo eboris don Laidin. Tá sé in aghaidh an dlí idirnáisiúnta eabhar eilifintí a dhíol anois ach tá eabhair saorga ar fáil anois.

An Pictiúr: Ríchathaoir an Ardeaspaig Maximian: mionshonra, painéal eabhair ag léiriú Iacób ag caoineadh bhás Ióseph taréis tuairisc bhréige a chloisteáil. Biosántach, c. 545-553 A.D

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint