about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Eaglais

click to view fullsize

An foirgneamh ar leith ina ndéanann lucht leanúna Chríost adhradh. I measc na n-ainmneacha eile a bhíonn air sa Ghaeilge tá : teach an phobail, séipéal, cill, teampall, reigléas agus aireagal.

Roghnaigh Críostaithe na hImpireachta Rómhánaí an baisleac mar ghnáthfhoirm eaglaise. Os a choinne sin rinne na Gaeil forbairt ar an gceall mar ghnáthfhoirm eaglaise agus mhair seo dtí leasú na hEaglaise i 1101 AD. Ba ghnách tionóil den phobal uile a bheith amuigh faoin aer sa seanthraidisiún Gaelach, ar shleas sléibhe nó a leithéid.

Ghlaoití dairtheach ar eaglais Ghaelach admhaid agus damhliag ar eaglais cloiche sa tréimhse roimh leasú na hEaglaise. Bhí na Gaeil an-tugtha don dairtheach sa luath-ré agus maireann samhla díobh ar ardchrosa etc.

Tuairiscítear nuair a ndeachaidh Naomh Aodhán go Lindisfarne gur thóg an rí Sasanach ansin eaglais cloiche dó ach gur thóg Aodhán dairtheach dó féin ann.

Pictiúr: Seanséipéal Cill Maolchéadair i gCorca Dhuibhne.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint