about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Ecclesia

click to view fullsize

Samhail san Íocónagrafaíocht Chríostaí den Eaglais Chríostaí mar a bheadh bean nó brídeog ann.

Is mar bhrídeog a fheictear samhla d’ Ecclesia sna lámhscríbhinní maisithe sa ré Cairilínseach go mór mór. Is é Naomh Pól a dhéanann an Eaglais a ionannú le brídeog den chéad uair (Eif 5, 22-23). Bíonn sí faoi choróin i gcónaí. Uaireanta léirítear í le naomhluan agus ag iompar croise agus cailís. Is minic a léirítear í i bpictiúir mar cheann de phéire fhíortha, in éineacht le Sinagoga a sheasann don Iúdachas, fíor baineann le púicín uirthi, a córóin ag titim di agus a sleá briste. Seasann an bheirt don Nua-Thiomna mar chomhlíonadh ar an Sean-Thiomna.

Má léirítear Ecclesia ar dhroim marcach is ar teitreamorf a bhíonn sí.

An Pictiúr: Dealbh de Eccelesia.

Catagóir: Íocónaghrafaíocht Chríostaí

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint