about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Edessa, Samhail

click to view fullsize



Samhail Edessa

Samhail d’aghaidh Íosa ar thúaille cearnógach agus an cineál íocóin is sine. Is Acheiropoieton nó íocón a rinneadh ar bhealach ósnádúrtha i dtosach é an samhail. Tugtar an Mandulion air in Eaglais an Oirthir, ainm a thagann ón Araibis a chiallaíonn ciarsúrín nó a leithéid. Tagann an téarma Araibise ón Laidine agus chiallaigh sé caille nó cochall

Bhí ráchairt ar leith ar an Samhail Edessa in Eaglais an Oirthir agus is leithbhreac díreach an Sudarium san Iarthar é. Tá íocón an leagan is sine de Shamhail Edessa i Séipéal príobháideach an Phápa sa Vatacáin. Painéalphictiúr atá ann ón tréimhse idir an tríú céad agus an cúigiu céad A.D..

De réir an tseanchais bhí an lobhras ar Abgar rí Chathair Edessa (sa Tuirc inniu). Scríobh sé litir chuig Íosa ag iarraidh air teacht chuige agus é a leigheas. Bhí an péintéir Hannan ar an dtoscaireacht agus bhí sé ag iarraidh pictiúr a dhéanamh d’Íosa ach ní raibh ag éirí leis. Chonaic Íosa a chás agus d’iarr tuáille. Nigh sé a aghaidh agus fágadh a shamhail go míorúilteach ar an tuáille. Nuair a chonaic Abgar samhail Íosa leigheasadh é ar an toirt. Tháinig Thaddeus, duine den seachtó ar ball agus d’iompaigh Abgar ina Chríostaí.

Bhí an Mandulion ar an seod is luachmahire a bhí i dtaisce Chathair Edessa. Tógadh an Mandulion chuig Cathair Chonstaintín tar éis ionradh na bPeirseach agus bhí sé ansin go dtí gur chreach Lucht na Crosáide an chathair sin sa bhliain 1204 A.D. agus gur cailleadh é. Bhí a lán lán pictiúir den Mandulion déanta faoi am seo áfach. Samhail de cheann Íosa gan mhuinéal nó guaillí, féasóg agus folt fada air agus naomhluan timpeall air a bhíonn san íocón.

An Pictiúr: Íocón de Shamhail Edessa.

Catagóir: Íocónaghrafaíocht Chríostaí

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint