about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Eilginn, Marmair

click to view fullsize



Marmair Eilginn

Dealbha nó ard-rilífeanna marmair a tháinig ón bpairteanain i gCathair na hAithine sa Ghréig agus atá anois sa British Museum. Is bailiúchán an-tábhachtach é na Marmair Elgin de dhealbha ársa na Gréige.

Thóg an Tiarna Elgin (Eilginn i nGaeilge na hAlban) a bhí ina ambasadóir i gCathair Chonstaintín ag an am, iad ón nGréig idir na blianta 1802-1805 agus thug leis go Sasana iad.

Thug sé 19 fíoracha ón bpeidiméid, 15 ón méatóip agus 56 bloc ón bhfríos leis. Is ionann an méid a thóg sé agus beagáinín níos mó ná leath den dhealbhóireacht a mhaireann ó bPairteanain. Bhí Lord Byron i gcoinne na dealbha a thógáil ón nGréig ag an am.

Tá codanna eile de dhealbhóireacht an Phairteanain i músaeim eile de chuid na hEorpa le cois an chuid atá fós san Aithin. Tá feachtas ar siúl ag Rialtais na Gréige chun iad a fháil ar ais sa Ghréig.

An Pictiúr: Eiseamláir de rilíf de chuid na Marmar Elgin; Ceinteár ag troid le Lapith.

Catagóir: Stair Ghinearálta na nEalaíon

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint