about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Eilimintreachas

click to view fullsize

Fealsúnacht ealaíne ar bhreachnú ar an Nua-Phlaisteachas é. Chuir Theo Van Doesburg (1883-1931) a thuairimí os comhair an phobail sa bhliain 1926 san alt L’Elémentarisme et son origine.

Bhris seo le cuid de prionsabail Piet Mondrian (1872-1944) nó rinne fairsingiú orthu. Lean an péintéir Ollainneach César Domela (1900-93) agus El Lissitsky (1890-1941) tuairimí Van Doesburg sa bhreachnú nua.

Teibíocht dheiridh a bhí sa Nua-Phlaisteachas a bhí teoranta do phéintéireacht gheoiméadrach, línte trasnánacha agus ingearacha, plánaí agus dathanna leacacha agus bhí seo amhlaidh don Eilimintreachas chomh maith.

Mhol Van Doesburg líne agus plánaí fiarthrasna a chur leis an stór eilimintí seo chun breis beochta a chur i bpictiúir.

An Pictiúr: Ceapachán Fiarthrasnánach Uimh. 2

Catagóir: Ealaíona agus Fealsúnachtaí Ealaíne sa Nua-aois

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint