about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Eispriseanachas

click to view fullsize

Sa chiall is déine de tagraíonn Eispriseanachas do chlaonadh in Ealaín Thuaisceart na hEorpa go mór mór a bhíonn le tabhairt faoi deara ó dheireadh an naoú céad déag go dtí c.1925. Aithníodh an claonadh ag dul i bhfad siar san ealaín agus fuair an téarma cúrsaíocht mar théarma ginearálta ina dhiaidh sin. Ba é Herwarth Walden a chum é i 1911 agus bhain sé féin feidhm as a chéad uair san iris ealaíne Der Sturm. Leag sé cúraimí agus spriocanna an Eispriseanachais amach san iris chéanna.

Sa chiall ginearálta de is cáilíocht nó saintréith é an tEispriseanachas a bhíonn i saothair ealaíne. Tagraíonn sé don dóigh ina ndéanann an t-ealaíontóir claochlú nó díchumadh ar chruth nádúrtha nithe d’fhonn a chuid móthúchán a chur in iúl. In oibriú an díchumadh seo is iad a mhothúcháin féin i leith an téama a bhíonn mar chúram ag an ealaíontóir mar rogha ar an aeistéitic.

Bhí gné den Eispriseanachas ag baint le healaín na hEorpa riamh anall – go háirithe i dtuaisceart na hEorpa ; m.sh. i saothar Hieronymus Bosch (c.1465-1516). Tagraíonn Eispriseanachas sa chiall is déine de do na Fauves sa Fhrainc agus do dhá ghrúpa sa Ghearmáin Die Brücke agus Der Blaue Reiter, aithnítear é ar shaothair ealaíontóirí aonaracha ar nós Vincent Van Gogh (1853-90) agus Paul Gauguin (1848-1903).

Amharctar ar an Eispriseanachas tríd is tríd mar shainmharc an ealaín Ghearmáineach ach d’ainneoin sin is le saothar Edvard Munch (1863-1944) ón Ioruaidh agus a shaothar An Scréach (1893) is mó a chleamhnaítear é anois. Tugtar an chéad tonn den Eispriseanachas Gearmáineach ar an ngrúpa Die Brücke. Bhí taispeántas acu in 1906 agus mhair siad go dtí 1913. Bhain Ernst Ludwig Kirchner agus Emil Nolde leo. Bhain siad feidhm as dathannú agus línte ‘foréigneacha’ ar chanbháis gnóthacha chun a bhfíoch agus a bhfuath do saol a linne a léiriú.

Tugtar an dara thonn den Eispriseanachas Gearmáineach ar Der Blaue Reiter agus bhain Vasilii Kandinsky, Paul Klee, Franz Marc agus August Macke leis. Bhí an dara ghrúpa seo níos séimhe agus mhair siad ó 1911 go dtí 1913. Bhí sé an-fhurasta spéis i mothúcháin agus i gcur síos eispriseanach a aistriú go dtí an ealaín neamh-oibiachtúlach.

Tosaíodh sa Ghearmáin sna 1920-idí ag tabhairt Eispriseanachas Teibí ar phictiúir theibí ildaite Kandinsky.

Pictiúr : Edvard Munch (1863-1944), An Scréach (1893) Oladhath, pastal agus cáiséin ar chairtpháipéar. Gailearaí Náisiúnta na hIoruaidhe, Osló.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint