about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Elmore, Alfred

click to view fullsize



Alfred Elmore, (1815-81)

Péintéir radharcanna imeachtaí stairiúla agus pictiúir seánra morálta.

Máinlia a bhí ina athair a rinne seirbhís in Arm Shasana agus iníon dochtúra de chuid na háite a bhí ina mháthair. D’imigh a athair amach ar phinsean agus chuir faoi i gCloch na gCoillte Chontae Chorcaí áit ar rugadh Elmore. Bhí áit thábhachtach ag a athair i mbunú tionscail an lineadaigh ar an mbaile.

D’aistrigh an teaghlach anonn go Londain nuair a bhí sé óg. D’fhreastail Alfred ar scoileanna an Royal Academy of Arts sa bhliain 1833. Bhí saothair aige i dtaispeántas an acadaimh sa bhliain 1834 den chead uair. Teamai morálta agus eolas maith ar stíl na seanmháistrí is mó a thréithríonn a shaothar i dtús a ghníomhréime, rud a thugann blas amharclannach dóibh.

Bhí Alfred ag staidéar agus ag obair ar an mór-roinn don tréimhse idir na blianta 1840 agus 1844. Chaith se dhá bhliain den thréimhse seo sa Róimh ach chaith sé sealanna i Munich, an Veinéis, Bologna agus Flórains chomh maith.

Ar ais i Sasana rinne sé saothair le teamaí reiligiúnda agus liteartha. Thug Daniel o’Connell coimisiún dó chun an saothar Mairtíreacht Thomas à Becket a phéinteáil. Suiteáladh an pictiúr seo in Eaglais Rae an Iarthair i mBaile Atha Cliath. Is é an saothar Idir Dha Cheann na Meá (1865; Fitzwilliam Museum, Cambridge) an saothar is fearr aithne da chuid anois. Pictiúr seánra morálta atá ann a léiríonn bean óg a bhfuil gach rud caillte aici leis an gcearrbhachas agus atá ag éisteacht le mealltóireacht fir atá ag cogarnaigh ina cluais.

Tá Alfred curtha i Reilig Kensal Green thall i Londain.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint