about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Elvery, Beatrice

click to view fullsize



Beatrice Moss Elvery (1881-1970)

Péintéir radharcanna fáithchiallacha ach a chleacht ealaíona eile i dtús a gníomhréime. Is ón Spáinn a tháinig a teaghlach áit a raibh siad bainteach le trádáil na síoda.

Rugadh agus tógadh Beatrice i gCarraig Maoinis i mBaile Átha Cliath agus d’fhreastail sí ar an Metropolitan School of Art agus dealbhóireacht mar ábhar aici. Chuir sí aithne ar an bpéintéir William Orpen (1878-1931) ansin agus bhí ina buanchara aige ar feadh a saoil. Shuigh sí mar chuspa dó ar ball chomh maith.

Phléigh sí le gach cineál ealaine i dtús a gníomhréime ach shocraigh sí ar phictiúir fáithchiallacha a phéinteáil níos déanaí. Bhunaigh Sarah Purser (1848-1943) an Túr Gloine sa bhliain 1903. Is é an chéad choimisiún a fuair sí ná sé fhuinneog ghloine dhaite a dhearadh do Chlochar na Trócaire in Inis Ceithleann. D'iarr Sarah ar Beatrice na fuinneoga a dhearadh di rud a rinne sí. Suiteáladh na fuinneoga sa bhliain 1905. Dhear sí an fhuinneog agus céasadh Chríost mar théama atá sa séipéal ar Oileán Thoraí agus ceann eile do Chlochar Phádraig i Sráid Eccles i mBaile Átha Cliath.

Rinne Beatrice léaráidí do roinnt leabhar chomh maith.

Rinne sí an rilíf d'aingeal i gcré-umha ar an leacht chuimhneacháin i gCluain Meala do shaighdiúirí a fuair bás ar son Impireacht Shasana i gCogadh na mBórach agus a nochtadh sa bhliain 1908.

Phós sí Charles Campbell (2ú Barún Glenavy ar ball) sa bhlian 1912 agus d'imigh chun cónaí i Londain. D'fhill sí ar Éirinn ag deireadh an Dara Chogadh Domhanda. Chuir sí breis dua ina phéintéireacht ina dhiaidh sin cé nach bhfeictear a pictiúir go ró-mhinic agus ní fhaigheann siad ardmholadh ó na criticeoirí. Taobh amuigh dá saothar i ngloine dhaite is ar an bpictiúr Éire a rinne sí sa bhliain 1907 is mó a bhíonn cuimhne uirthi anois.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint