about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Emakimono

click to view fullsize



EmakimonoEmaki

Téarma seapánach a chiallaíonn péintéireacht phictiúrscrolla agus a thagraíonn do maki-mono nó scrollaí fada láimhe péinteáilte a osclaítear agus a mbreathnaítear orthu idir na lámha. Leatar ar bhord íseal iad uaireanta cionn is go mbíonn siad chomh fada sin.

Bíonn fad 10m ar an meán coitianta iontu agus bíonn siad déanta ar shíoda nó ar pháipéar. Cuirtear an maki-mono a bhíonn trasnánach os comhair an Kakemono, pictiúrscrollaí a chrochtar agus a bhíonn ingearach. Sraith de radharcanna a bhíonn san Emaki ag insint scéil seachas aon radharc amháin mar a bhíonn á léiriú sa Kakemono. Uaireanta bíonn na radharcanna péinteáilte ina ceann agus ina ceann agus greamaithe den scrolla seachas a bheith péinteáilte ar an scolla.

Tháinig an maki-mono chun cinn sa tSeapáin in éineacht leis an stíl Yamato-e agus bhí siad díorthaithe ó eiseamláirí de chuid na Síne. Tháinig siad don tSeapáin i dteannta an Bhúdaíochais. Creideadh sa tSeapáin go raibh a mbunús san India i dtosach báire.

Bhí ráchairt faoi leith orthu idir an dóú céad déag agus an ochtú céad déag. Cathanna, suiríocha, cúrsaí creidimh, béaloideas agus scéalta faoin saol eile a bhíodh mar théamaí iontu. Bíonn trí scrolla nó mar sin de dhíth de ghnáth chun scéal amháin a insint. Bíonn leithead 30cm i ngach radharc de ghnáth agus bíonn téacs ag dul leo chomh maith. Fágann sin ar ndóigh go mbíonn an scéal briste suas ina radharcanna éagsúla.

Tagann eiseamláir dearscnaitheach ó c. 1130 A.D. an Genji Monogatari Emaki agus léiríonn sé Scéal Genji an chéad úrscéal ar domhain. Scríobh Murasaki Shikibu bean freastail ar an mBan-Impire Akiko é agus is cur síos ar shaol an phrionsa Genji agus ar shaol na cúirte tar éis bháis dó atá ann. Thit an maki-mono ar gcúl sa cheathrú céad déag le teacht chun cinn na péintéireachta Sumi-e.

An Pictiúr: Radharc ó scéal Genji nuair a thagann cairt an Impire chun a mháthair a iompar don Impire.

Catagóir: Ealaíona na Seapáine

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint