about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Emblema

click to view fullsize

Téarma i ndéanamh mósáice a thagraíonn don ghréas ardmhaisithe le bailchríoch mór air a théadh féin i lár ghréas mósaice. Uaireanta bhídís an-chasta agus a lán acu ina saothar ealaíne ar chomhchaighdeán le pictúir ar bith. neamhbheonna, tírdhreacha, radharcanna staire nó miotaseolaíochta a bhíodh sna emblemata go minic.

Murab ionann agus an chuid eile den mhósáic a bhíodh déanta ar an láthair toisc nach mbíodh sé chomh casta, dhéantaí na emblemata i gceardlann agus d’iompraítí i múnla crébhruite iad don lathair. Leagtaí in aon phíosa réamhdhéanta iad ansin san áit chuí i lár an ghréasa. Tá a lán acu ar marthain ó láithreacha Pompeii, Herculaneum agus Stabiae go mór mór.

An Pictiúr: Emblema agus adhaltranas Iúipitir le Leda mar théama aige. Fuarthas é i dteach i bhfothracha Fóram Complutum in Alcalá de Henares gar do Chathair Madrid na Spáinne. Baineann an saothar mósáice leis an gceathrú céad roimh Chríost

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint