about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Engobe

click to view fullsize

Téarma criadóireachta ar chineál de shleamháin cré a bhaintear feidhm as in ionad glónra. Cuirtear ocsaídí miotalacha nó smálanna tríd an chré chun dathanna a fháil tar éis an tine.

Cuirtear engobe ar an mbriosca nó cuirtear mar bhrat é ar an gcré dearg sular gcuirtear sa tornóg ar chor ar bith é agus nuair a bhónn sé mar a bheadh leathair ann. Déantar é seo chun cré nach mbíonn chomh maith sin a chlúdach chun cuma na maitheasa a chur air.

Is beag nach ionann an téarma agus sleamhán. Tagann sé ón bhFraincis engober a chiallaíonn bratú.

Bhíodh teicnochtaí péinteáil criadóireachta na SeanGhréige ag brath ar theicníocht an engobe. Chuirtí brat engobe - meascán de chré ina raibh ocsaíd iarainn, uisce báistí agus luaith adhmaid a d'iompaíodh dubh sa tornóg- ar bpota nua a bhí sé leaththirim. Bhíodh dath rua ar chorp an phota go nádúrtha nuair a bheadh sé bácáilte. Bhaintí an engobe ar chúlra na bhfíortha agus d'fhágfadh seo na fíortha mar scáthanna dubha ar chúlra rua nuair a bhíodh an pota iomlán bácáilte. Seo bunús an téarma dubhfhíorach.

Iompaíodh an próiseas seo droim ar ais, leis an an engobe fágtha mar chúlra agus corp rua an phota do na fíortha sa phróiseas ruafhíorach. Dhéantaí na fíoracha a láidriú trína imlínte a ghreanadh ar theacht amach as an tornóg dóibh.

An Pictiúr: Samhail ruafhíorach criadóireachta; Éadapús ag agallamh leis an Sfionx.

Catagóir: Ealaíona na hÁrsaíochta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint