about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Faensa

click to view fullsize

Téarma Gaeilge díorthaithe ón bhFraincis faience atá díortha féin ón logainm Iodáilise Faenza. Baile gar do Ravenna san Iodáil atá in Faenza a d’éirigh tábhachtach de bharr na monarchain éagsúla Maisealaca a tháinig chun cinn ann ón tríú céad déag ar aghaidh.

Tagraíonn sé mar théarma ginearálta do chré-earraí maisealaca d’ardchaighdeán a mbíonn gréasanna de chuid an Renaissance orthu nó gréasa faoi thionchar Síneach an phoircealláin amhail na cinn a rinneadh in Faenza. Tagraíonn sé chomh maith d’earraí gloiní den chineál céanna ón Sean-Éigipt.

Faoi dheireadh an chúigiú céad déag bhí Faenza ina lárionad an-mhór criadóireachta. Tugadh an fíor daonna isteach i ngréasa den chéad uair, bhí sé toirmiscthe go dtí sin san Iodáil. D’fhás istoriato stíl úr ardmhaisithe. Shroich seo a bhuaic i dtáirgí na gceardlanna criadóireachta i gcathair Urbino sa séú céad déag. Maireann na monarchain fós in Faenza a thug an téarma faensa dúinn.

An Pictiúr: Pláta, eiseamláir de Ghréithe Faensa ó bhaile Quimper na Briotáine atá ina ionad tábhachtach táirgthe ghréithe faensa le tamall fada.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint