about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Fagan, Robert

click to view fullsize

Robert Fagan, (1761-1816)

Péintéir portráidí sa stíl Nua-Chlasaiceach, mangaire ealaíne, taidhleoir, seandálaí, spiaire agus saighdiúir a bhí ann. Ní mhaireann ach thart ar fiche pictiúr óna láimh inniu. Níl sé cinnte cé acu i gCorcaigh nó i mBaile Átha Cliath a rugadh é ach tugtar an chraobh do Chorcaigh sa chuid is mó. Rud amháin atá cinnte ná go raibh baint ag a theaghlach le Corcaigh agus gur bháicéar a bhí ina athair a shocraigh síos lena theaghlach thall i Londain.

D’fhreastail Robert ar ranganna an Royal Academy i Londain sa bhliain 1781 agus d’fhoghlaim an phéintéireacht iontu. Thug sé cuairt ghairid ar an Róimh sa bhliain chéanna sin in éineacht le Charles Grignion (1717-1810), cara dá chuid ón acadamh. D’fhill Fagan agus Grignion ar an Iodáil sa bhliain 1784 agus chuir fúthu sa Róimh. Chuir Fagan a bheatha i dtír ansin ag péinteáil phortráidí uaisle Shasana agus iad ar an Grand Tour. Bhí an rogha oibre seo aisteach do dhuine ar nós Fagan a bhí ina Chaitliceach agus ina Phoblachtánach neamhbhalbh a thuit amach lena phátrúin Sasanacha go minic. Chuaigh sé i mbun gnó ina sheal sa Róimh mar mhangaire ealaíne agus seandachtaí. Phós Fagan cailín óg Anne Maria Ferri sa bhliain 1790 nuair a bhí sí seacht mbliain déag d’aois agus maireann portráid a rinne sé di (Tate, Londain).

Thosaigh Fagan ag plé leis an seandálaíocht sa bhliain 1792. Tá cáil air fós as na fionnachtain ar nós an chéad Mithraeum riamh a fionnaíodh a rinne sé. Eisean a d’fhionnaigh an Afraidíte Campo Iemini atá anois sa British Museum.

Bhí an Prionsa Augustus Frederick Iarla Sussex, mac George III Rí Shasana ina phátrún aige san fhiontar nua seo. Nuair a ghabh fórsaí na Fraince faoin nGinearál Berthier an Róimh sa bhliain 1798, bhailigh Fagan leis chuigh Cathair Napoli agus ar aghaidh ansin don tSicil áit ar chuir an tAimiréal Nelson fáilte roimhe. An tImpire Napoleon a d’ordaigh gabháil na Róimhe agus rinneadh cime den bPápa Pius VI agus fógraíodh go raibh deireadh leis an bPápacht.

D’aistrigh Fagan ansin chuig Cathair Flórains agus d’fheidmigh mar spiaire do Rialtas Shasana. Chabhraigh an aithne a bhí aige ar uaisle na hIodáile, ar nós Maria Carolina, Banríon Napoli leis sa ghnó seo. Chruthaigh an chorraíl a lean feachtas míleata na bhFrancach i leath thuaidh na hIodaile deacrachtaí do dhaoine san Iodáil agus rinne roinnt daoine saibhre iarrachtaí a gcruachás airgeadais a réiteach trí saothair ealaíne a reic. Fuair Fagan agus Charles Grignion dhá phictiúir de chuid Claude Lorrain (c.1600-1682) ón bPrionsa Altieri sa Róimh. Teacht i dtír Aeneas ag Pallanteum (1675) agus Tírdhreach le hÍobairt chuig Apalló (1662) ainmneacha na bpictiúr.

Bhí cosc ar shaothair ealaíne a thógáil amach as Stát na Róimhe. Dhiúltaigh Fagan na pictiúir a ghéilleadh do na húdaráis Francacha agus cuireadh sa charcair é ar feadh tamaillín. D’ainneoin sin d’éirigh leis sa bhliain 1799 na pictiúir a smugláil chuig Napoli agus le cabhair Maria Carolina iad a chur ar bord loinge chuig Palermo agus ar aghaidh ansin ar bord loinge eile chuig Sasana. Thug a chara an tAimiréal Nelson longa cosanta don turas go Sasana. Díoladh na pictiúir sa bhliain chéanna 1799 do William Beckford ar £6,825, suim ollmhór ag an am.

Fuair bean Fagan bás sa bhliain 1801 agus phós sé cailín óg eile Maria Ludovica Flajani an bhliain chéanna. Cheap Rialtas na Breataine Fagan mar chonsal-ginearál don tSicil agus na hOileáin Iónacha sa bhliain 1809 cé gur shantaigh sé féin consalacht na Róimhe. Níor thaitin an bhaint a bhí aige le mangaireacht ealaíne le Rialtas na Breataine áfach. D’ainneoin a raibh aige bhí fiacha móra air agus sa bhliain agus chuir sé deireadh leis féin trí léimt amach as fuinneog uachtarach i dteach ard sa Róimh. Ní raibh ach cúig bhliana agus caoga slán aige ag an am.

Eiseamláir maith dá shaothair is ea Grúp-phortráid, Sarah agus Geoffrey Amherst atá sa Ghailearaí Náisiúnta.

An Pictiúr: Lady Emma Hamilton. (Robert Fagan)

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint