about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Fallaingeacha

click to view fullsize

Sna Míndána tagraíonn fallaingeacha do tháipéis crochta, do chuirtíní, do bhaill éadaigh nó éadach a bhíonn cóirithe go grástúil ionas go gcrochann siad i bhfillte. Ón ré Clasaiceach anall baineadh feidhm as fallaingeacha chun struchtúr an choirp faoi na fallaingeacha a léiriú.

I lámhscríbhinní maisithe na hÉireann baineadh feidhm as línte na bhfallaingeacha mar phátrúin cuarlíneacha. I dtuaisceart na hEorpa sa tráth céanna tháinig an zackstil chun cinn mar chóiriú ar fhallaingeacha. Tréithríonn línte agus uilleannacha géara an stíl seo. Bhí a sainstíl féin ag gach tréimhse agus ag gach scoil agus ag gach ealaíontóir beagnach a fhágann go bhfuil siad an-tábhachtach chun aois nó dualfhoinse saothair ealaíne a aithint.

An Pictiúr: Fallaingeacha ar fhíor de chuid Theampall Niké Apteros i gCathair na hAithine

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint