about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Famille

click to view fullsize



Famille Jaune, Noire, Rose agus Verte

Cineálacha gréithe poircealláin de chuid na Síne de chuid an seachtú céad déag agus an ochtú céad déag go mór mór a mhaisítí i ndathanna cruain agus a ainmnítear ó pé dath is treise sa mhaisiú. Is iad Famille Verte agus Famille Rose is coitianta.

Famille Jaune, Baineann Famille Jaune, .i. clann bhuí leis an tréimhse K’ang-Hsi (1662-1723). Bíonn bunsraith bhuí ar ghréithe Famille Jaune agus ní bhíonn siad glónraithe de ghnáth.

Famille Noire, Baineann gréithe Famille noire .i. clann dhubh leis an tréimhse céanna le Famille Jaune agus rinneadh iad sna tornóga impiriúla i gcathair Jingdezhen. Baineadh feidhm as líocha copair chun dath dubh dorcha a fháil ar ghréithe neamhghlónraithe.

Famille Verte, Baineann gréithe Famille Verte .i. clann ghlas leis an tréimhse K’ang-Hsi (1662-1723) chomh maith. Bhí na gréithe a rinneadh ann idir ghlónraithe agus neamhghlónraithe. Rinne monarchain na hEorpa Faensa in aithris ar ghréithe famille verte, sa Ghearmáin go mór mór.

Famille Rose, Rinneadh gréithe sa Famille Rose .i. clann rósdath ar feadh tréimhse níos faide sa tSín ó 1662 go 1796 A.D.. Bíonn na gréithe faoi ghlónra chomh maith leis na ngréasanna a bheith i ndathanna rósdatha teimhneacha anuas ar an nglónra. Tugadh dathanna eachtrannacha ar an dathannú seo sa tSín féin as siocair go bhfuair siad an t-eolas ar na dathanna teimhneacha seo ó mhisiniséirí de chuid Chumann íosa ag tús an séú céad déag. Baineadh feidhm as clóiríd óir agus clóiríd stáin chun na rósdathanna a chruthú.

An Pictiúr: Vása poircealláin, eiseamláir de Ghréithe Famille Rose.

Catagóir: Criadóireacht na Síne

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint