about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Fang

click to view fullsize

Ciní agus cultúir ghaolmhara de chuid na hAfraice atá lonnaithe in Gabon, Guinea agus Cameroon ach ar 80% iad de dhaonra Gabon. Ceantar na bhforaoisí teochreasa is ea an dúiche ina bhfuil siad lonnaithe. Ba chanablaigh iad go dtí an t-ochtú céad déag.

Tá clú agus cáil ar an Fang de bharr a gcuid snoíodóireachta agus dealbhóireachta go háirithe agus meas orthu dá réir san Afraic mar ealaíontóirí den scoth d’ainneoin go mbíodh faitíos rompu de bharr a n-ionsaitheachta.

Bíonn cinnirí na sráidbhailte ina gcinnirí spioradálta chomh maith agus baineann siad leas as mascanna nuair a bhíonn siad i mbun na gcúraimí seo. Teagmháil leis na sinsear an cúram is mó a bhíonn orthu. Bíonn siad ag iarraidh iad féin a chosaint orthu agus ag iarraidh cabhair agus comhairle uathu ag an am céanna. Bíonn déanamh fadaithe ubh-chruthach ar na mascanna agus dath bán orthu. Bíonn ceannaithe na mascanna snoite agus péinteáilte i ndath dubh le srón fada caol. Déanann siad mascanna le hadharcanna fada chomh maith.

I gcultas na sinsear, bíonn meas acu ar bhoscaí adhmaid nó cliabha ina mbíonn cnámha na sinsear á gcumhdach. Creideann siad go bhfuil cumhacht iomlán na sinsear sna cnámha. Bíonn dealbha de na sinsear, na Bieri, ceangailte leis na boscaí seo. Bíonn cloigeann mór, corp fada agus géaga gearra orthu, na comhréir céanna agus a bhíonn ar leanbh nua-bheirthe. Tógann siad na cnámha agus fágann siad na dealbha nuair a théann siad ar aghaidh go dtí áit eile.

An Pictiúr: Eiseamláir de mhasc de chuid na treibhe Fang

Catagóir: Ealaín Afracach

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint