about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Faulkner, John

click to view fullsize



John Faulkner, (1835-1894)

Péintéir thírdhreacha den scoth in uiscedhath agus in oladhath. Tréithríonn ard-bhailchríoch a shaothar.

Rugadh John Faulkner i mBaile Átha Cliath agus oileadh san ealaín é ar ranganna an Royal Dublin Society. Thosaigh sé ag freastal orthu sa bhliain 1848 in aois a thrí bhliana déag dó. Chruthaigh sé go fíormhaith orthu agus bhain duais sa bhliain 1849. Ghlac sé páirt i dtaispeántas Royal Hibernian Academy den chéad uair sa bhliain 1852 - a bhliain dheireanach ar scoileanna an Royal Dublin Society.

Tírdhreacha de chuid dheisceart Chontae Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhanntáin is mó a chleacht sé i dtús a ghníomhréime. Toghadh ina bhall den Royal Hibernian Academy é sa bhliain 1861. Ghlac sé páirt i dtaispeántas an Royal Academy i Londain Shasana sa bhlian chéanna chomh maith. Bhíodh sé lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath agus bhí sé san aon stiúideo le Patrick Vincent Duffy (1832-1909). Bhí sin i Sráid Henrietta. Chaith sé tamall in Albain agus rinne tírdhreacha d’Oirear Gael ansin. D’fhill sé ar Éirinn agus bhí caidreamh aige le bean chéile ealaíontóir eile agus chruthaigh seo a lán deacrachtaí dó.

D’imigh sé féin go Meiriceá timpeall na bliana 1869 agus cuireadh a bhallraíocht san Royal Hibernian Academy ar ceal sa bhliain 1870. Bhí sé ar ais in Éirinn faoin mbliain 1875. Thaispeáin sé leis an Royal Hibernian Academy arís sa bhliain 1880, agus sna blianta ina dhiaidh sin go dtí an bhliain 1887. Is cosúil nach raibh sé ar a shocracht agus chaith sé tréimhsí ina chónaí i Sasana agus rinne turas ar an mór-roinn.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint