about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Fauves

click to view fullsize

Stíl phéintéireachta agus gluaiseacht scaoilte a d’imir tionchar mór ar ealaín an fhichiú chéid ar fad ina diaidh. Mhair sí ó c.1898 go 1908, ach bhí sí i mbarr a réime idir 1905 agus 1907. Úsáid dathanna láidre neamhmheasctha neamhnádúrtha i Stíl primitíbheach ar son cuspóra an phictiúir ar mhaithe le léiriú ar na móthúcháin is mó a thréithrigh an ghluaiseacht maille le scuabóireacht gharbh. Chleacht siad réimsí leacacha datha agus sheachain siad scáthanna.

Bhí bunús na gluaiseachta san Académie Carrière i bPáras toisc gurbh ann a bhuail André Dérain (1880-1954), Henri Matisse (1869-1954), Jean Puy (1876-1960) agus Maurice de Vlaminck (1876-1958) lena chéile.

Bhí gluaiseacht na bhFauves lárnaithe ar Pháras na Fraince agus Succès de scandale eile a bhí ann. D’fhás sí as an Deighilteachas agus as an Iar-Impriseanachas agus as stíl phearsanta Paul Gauguin (1848-1903) agus as tionchar Vincent Van Gogh (1853-1890). Áirítear gluaiseacht na bhFauves dá bhrí sin mar chuid den Eispriseanachas agus bhí sí ina spreagadh agus ina eiseamláir mór d’Eispriseanaigh na Gearmáine féin.

B’é an léirmheastóir ealaíne Louis Vauxcelles (an fear céanna a bhaist an Ciúbachas) a bhí i bhfách leo, a thug fauves (ainmhithe allta) a chéaduair orthu nuair a bhí a gcéad taispeántas poiblí acu sa Salon d’Automne sa bhliain 1905. Rinne sé cur síos ar an seomra a bhí acu agus ina raibh dealbhóireacht chlasaiceach de chuid Albert Marque timpeallaithe ag saothair de chuid Matisse, Dérain agus péintéirí eile mar Donatello parmi le fauves (Donatello i measc na n-ainmhithe allta).

Bhí Henri Matisse agus André Dérain ar cheann na bhFauves agus tábhachtach sa ghluaiseacht bhí Charles Camoin (1879-1965), Kees van Dongen (1877-1968), Raoul Dufy (1877-1953), Othon Friesz (1874-1949), Henri Charles Manguin (1874-1949), Albert Marquet (1875-1947), Jean Puy (1876-1960), Georges Rouault (1871-1958), Maurice Vlaminck agus Louis Valtat (1869-1952) maille le Georges Braque (1882-1963) ar feadh tamaill.

Bhí an ghluaiseacht ina scannail poiblí ina blianta tosaigh de bharr a ndathanna mínádúrtha agus a scuabóireacht bhras. Nuair a bhí an ghluaiseacht i mbarr a réime faoin mbliain 1909 thosaigh roinnt de na móidíní ag druidim i dtreo an Chiúbachais agus thosaigh na Fauves ag scaipeadh.

An Pictiúr: Henri Matisse, An Seomra Dearg.

Catagóir: Gluaiseachtaí agus Fealsúnachtaí Ealaíne sa Nua-aois

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint