about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Feitis

click to view fullsize

Déantáin, ealaíontáin, dealbha nó deilbhíní mar áitreabh do na spiorad, nó mar fhoinse chumhachta spioradálta chun maitheasa nó chun oilc, san Afraic go mór mór nó i gcultúir a chleachtann an anamachais.

As siocair go mbíonn an téarma ceangailte anois le collaíocht is gnách feidhm a bhaint as an téarma fíor cumhachta a lán den am in ionad feitis nuair a bhítear ag tagairt d’ealaíona agus creidimh na hAfraice.

Is cineál ealaíne iad na fíortha cumhachta a bhíonn níos cúirialta ná mar a shamhlófaí. Bíonn comhréir leanbh nua-bheirthe ar na fíoracha le cloigne móra, coirp fada agus géaga gearra orthu. Déantar mar seo iad chun a mheabhrú gurb ionann a muintire dóibh agus iad siúd atá le breith fós, iad siúd atá beo ar an saol agus iad siúd atá marbh.

Creidtear go mbíonn cumhacht sna fíortha rud a thugann an t-ainm ach is é an bhriocht nó taisí de na sinsear a chuirtear iontu a thugann an chumhacht sin. Ní chreidtear de ghnáth go mbíonn sé sa déantán féin ach athraíonn an tuiscint seo ó chultúr go cultúr.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint