about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Ferrara, Scoil

click to view fullsize



Scoil Ferrara

Na péintéirí a bhí ag obair thart ar chathair Ferrara san Iodáil. Ba scoil phéintéireachta iad a raibh a barrchéim bainte amach aici sa tréimhse 1450-1500 nuair a bhí Borso d’Este i gceannas ar an gcathair. Leath tionchar na scoile ar fud Dúiche Emilia agus Romagna agus cathracha ar nós Bologna agus Modena.

Samhlaítear an scoil le saothar Cosimo Tura (c. 1430-95), Francesco del Cossa (c.1435-77), Ercole de’ Roberti (c. 1451-96) agus Lorenzo Costa (c.1460-1535) go mór mór. Péintéirí dearscnaitheacha eile ba ea Baldassare d'Este (1432-1506), Marco Zoppo (1433-98), Domenico Panetti (1460-1530), Francesco Raibolini (c. 1450–1517), Timoteo Viti (1469–1523), Dosso Dossi (c. 1490–1542) agus Battista Dossi (c. 1490-1548), Benvenuto Tisi (Il Garofalo) (1481–1559), Ortolano Ferrarese (Giovanni Battista Benvenuto) (c. 1480–1525) agus Girolamo da Carpi (1501-56).

Chleacht baill na scoile i gcoitinne stíl lom a bhí díorthaithe ó shaothar Piero della Robbia agus Andrea Mantegna. Thug an Cairdinéal Borghese agus uaisle na Roimhe i gcoitinne gean ar leith do shaothar na scoile agus cheannaigh dá mbailiúcháin iad. Tharla seo ar an mórchóir tar éis d'fhórsaí Stáit an Phápa Cathair Ferrara a ghabháil sa bhliain 1597 agus nuair a thosaigh an Cairdinéal Vincenzo Bentivoglio ag ceannach pictiúr.

An Pictiúr: An Teaghlach Naofa, Girolamo da Carpi .

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint