about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Fijnschilder

click to view fullsize

Mínphéintéireacht, an téarma Ollainnise don ardthraidisiún péintéireachta oladhatha a d’fhorbair san Ísiltír leis na péintéiréirí Pléimeannacha go mór mór ón chúigiú chéad déag ar aghaidh.

Bhí a dteicníocht phéintéireacht oladhatha bunaithe ar an nglónrú. Cuirtear bratanna de phéint tanaithe trédhearcacha anuas ar a chéile sa teicníocht. Is féidir braistint na doimhneachta a fháil sa phictiúir trí go leor bratanna a chur anuas ar a chéile mar is féidir leis an solas dul trí na bratanna agus frichaitear ansin é ar an mbunsraith.

Thóg siad an traidisiún seo agus an dul chun cinn teicniúl a bhí déanta acu chun na hIodáile nuair a d’imigh siad ann chun staidéir agus d’imir tionchar mór ar fhorbairt na healaíne ansin. Mhaígh Giorgio Vasari (1511-74) ina leabhar Le Vite de Piu Eccelenti Pittori, Scultori e Architetori... ( Firenze, 1550), gur chuir an Pléimeannach Jan van Eyck (1390 -1441) bailchríoch ar an dteicníocht thart ar 1410. Bhain sé feidhm as ola rois mar ola thriomaithe. Chuir gach mhórphéintéir leis an teicníocht ina dhiaidh sin.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint