about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Filleadh ar an Ord

click to view fullsize

An retour à l'ordre. Chuir an Chéad Chogadh Domhanda sibhialtacht na hEorpa gona forais traidisiúnta trína chéile. Ní taise do na healaíona é.

Thug an ghluaiseacht Dada freagra amháin ar an gcogadh, toisc is dócha nár thuig siad na fiorsiocair agus b’in go raibh sochaí agus luachanna na sibhialtachta Eorpaí bancbhriste. Shíl siad go raibh an Chéad Chogadh Domhanda ina thoradh ar chórais a chuir béim ar réasún, ord, smacht agus ar uile agus thug siad cúl leo. Chuir siad béim ar an bhfo-chomhfhios rogha a threoraigh iad go dtí an Osréalachas.

Tháinig freagra eile uathu siúd a thug cúl ar feadh tamaill ar aon nós ar Bhloghadh na Réaltachta agus ar an avant-garde agus a d’fhill ar cur chuige ealaíonta a bhí níos traidisiúnta ina luachanna.

Thug an t-ealaíontóir agus file Francach Jean Cocteau an casadh ar ais áirithe seo faoi deara nuair a scríobh sé an leabhar Le rappel a l'ordre (1926), an chéad saothar léirmheastóireachta uaidh agus an saothair a thréithrigh an claonadh seo. Shroicheadh an retour à l'ordre a bhuaic le healaín na ndeachtóireachtaí, an Réalachas Naitsíoch agus an Réalachas Sóisialach go mór mór. Bhí tréithe Nua-chlasaiceacha le sonrú ar shaothar ealaíontóirí ar nós Pablo Picasso (1881-1973) a thug cúl ar an gCiúbachas chomh maith. Bhí frithbheart i gcoinne an Todhchaíochais agus gluaiseachtaí i gcoitinne a rinne bloghadh den réaltacht pictiúrtha mar chuid de. Bhí filleadh ar an Nádúrachas i gcoitinne le sonrú gach áit. Áirítear Neue Sachlichkeit na Gearmáine mar chuid den retour à l'ordre.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint