about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Fo-Arctach, Meirindiaigh

click to view fullsize



Meirindiaigh an Fho-Arctaigh


Cultúrlimistéar Meirindiach a chuimsíonn an chuid ó Thuaidh de Cheanada ó Shléibhte na Rockies go Bá Hudson nach bhfuil san Arctach féin agus a mbíonn tundra mar chuid mhaith de.

Níl curadóireacht indéanta sa cheantar seo dá bhrí sin bíonn daoine ag brath ar iascaireacht agus sealgaireacht na gcaribú agus na mús. Tháinig an chuid is mó den bheathú ón gcaribú áfach agus baineadh feidhm as na seithí chun éadaigh agus pubaill a dhéanamh.

Chleacht a lán acu saol fánaíochta san am a chuaigh thart ag maireachtáil i bpubaill ag taisteal i gcanúnna sa samhradh agus i gcarr sleamhnáin sa gheimhreadh. Bhí tábhacht ar leith ag an mbróg sneachta sna cultúir seo.

I measc na gciní sa limistéar seo bhí na Chipewya agus Cree Beaver. Chleacht siad mionsnoiteáin in eabhar Rosuailt agus i gcnámh maille le mascanna, seithí maisithe rón agus pubaill agus canúnna maisithe.

Catagóir: Ealaíona agus Cultúir Mheirindiacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint