about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Fo-chomhfhiosacht

click to view fullsize

Na staideanna lagchomhfheasa ina n-iomláine; fo-dhomhain na hintinne. D’imir tuairimíocht Sigmund Freud (1856-1939) ar oibriú na hintinne, na staideanna lagchomhfheasa go háirithe tionchar mór ar ghluaiseachtaí ealaíne i gcoitinne agus ar na hOsréalaithe go mór mór.

Bhain siad feidhm as siombail as an bhfo-chomhfhios dar leo agus as teicníocht an Écriture Automatique nó scríbhneoireacht uathoibreach chun staid an fhochomhfheasa a nochtadh.

Nocht tionchar Freud ar na hAmharcealaíona sa tréimhse fin de siécle ar dtús agus ar an Siombalachas go sonrach agus tá sé barrthábhachtach ó shin. Shíl Freud féin go raibh cruthúnas ar a theoiricí síceolaíocha ar fáil i saothar a lán ealaíontóirí.

Tá sé deacair a mheas cé chomh cruinn agus a thuig ealaíontóirí i gcoitinne tuairimí Freud agus i gcás a lán díobh is léir gur ghlac siad lena theagasc mar chead amháin chun scód a thabhairt dá samhlaíocht agus dtuairimí féin.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint