about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Foley, John Henry

click to view fullsize



John Henry Foley, (1818-74)

Dealbhóir mór le rá a rugadh i mBaile Átha Cliath a bhí ar an ndealbhóir is tábhachtaí agus is mó ráchairte ar son séadchomhartaí in Impireacht na Breataine lena linn.

Bhí a chumas líníochta soiléir agus é ina bhuachaill. Siopadóir a bhí ina athair agus cuireadh é mar phrintíseach do John Smith a bhí ina phríomhoide ar rannóg na dealbhóireachta i scoileanna an Royal Dublin Society timpeall na bliana 1833. Chuaigh sé ar aghaidh ansin timpeall na bliana 1835 chuig scoil an Royal Academy i Londain.

Bhí sé fós ina mhac léinn ansin nuair a tharraing a shaothar Bás Abel aird an phobail ealaíne i dtaispeántas na bliana 1839. Tharraing a shaothar Ino agus Bacchus aird an Phrionsa Albert von Saxe-Coburg-Gotha, fear céile na banríona Victoria air i dtaispeántas na bliana 1840. Rinne an teaghlach ríoga pátrúnacht air agus ba ghairid go raibh coimisiúin ag teacht chuige ó gach cearn den Impireacht, ionas gur tugadh dealbhóir na hImpireachta air.

I measc na dealbha is fearr aithne a rinne sé tá iad siúd de chuid John Hampden, Palace of Westminster (1844), Sir James Outram (1864) agus Viscount Hardinge (1858), in Calcutta na hIndia, Stonewall Jackson i Richmond, Virginia SAM (1874) agus Lord Clyde i nGlaschú (1867-8).

Rinne sé dealbha in Éirinn chomh maith; Leacht Chuimhneacháin Dhónall Uí Chonaill (1864-82) ar Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath, an dealbh de Henry Grattan (1880) ar Fhaiche an Choláiste i mBaile Átha Cliath, an dealbh de Edmund Burke (1868) os comhair Choláiste na Tríonóide, an dealbh den Athair Maitiú (1864) i Sráid Phádraig i gCorcaigh agus an dealbh den Earl of Rosse (1876) i mBiorra.

Bhí an oiread sin oibre ar lámh aige go raibh ar Foley stiúideo ollmhór a thógáil in Islington Londain agus foireann de chúntóirí a fhostú. Rinneadh fo-bhall den Royal Academy de sa bhliain 1849 agus lánbhall de sa bhliain 1858.

Thit sé amach sa bhliain 1861 le coiste taispeántais an Acadaimh Ríoga agus dhiúltaigh páirt a ghlacadh ina dtaispeántais ina dhiaidh sin.

Eisean a rinne an dealbh den Phrionsa Albert ar Leacht Chuimhneachán Albert i Londain agus an grúpdealbh d' Asia ar an gcuimhneachán céanna. Fuair Foley bás le linn dó bheith ag obair ar an dealbh den Phrionsa Albert agus ní fhaca sé críochnaithe é.

Cuireadh i Londain é in Ardeaglais Naomh Poil sa chathair sin. Scriosadh roinnt dá leachtanna a bhí ceangailte leis an Impiriúlachas tar éis neamhspleáchais. Bhain an Town Tenants League a dhealbh de Lord Dunkillen (1873) i nGaillimh anuas sa bhliain 1922 agus caitheadh san fharraige é. Rinneadh roinnt iarrachtaí a dhealbh de Lord Gough a phléascadh. Baineadh an ceann de in iarracht amháin sa bhliain 1957. Dhíol an Rialtas an dealbh agus tá sé ar taispeáint anois i Northumberland Shasana.

D'fhág Foley ina uacht na teilgin uile dá shaothar a bhí ina stiúideo aige don Royal Dublin Society. Tá dealbh de féin anois os comhair an Victoria and Albert Museum i Londain.

An Pictiúr: Asia, Grúpdhealbh ar an Leacht Chuimhneachán Albert i gCearnóg Trafalgar Londain.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint